Dhá cheardlann ar líne i nGaeilge na hAlban na hÉireann agus Mhanann le Pól Mac Cana, Paayl Rogers agus Ruaraidh MacIlleathan. Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtair a d’eagraigh mar pháirt den tionscadal “Cassan”.

Dhá cheardlann ar líne i nGaeilge na hAlban na hÉireann agus Mhanann le Pól Mac Cana, Paayl Rogers agus Ruaraidh MacIlleathan. Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtair a d’eagraigh mar pháirt den tionscadal “Cassan”.
Sa scannán seo faighimid amach mar a choinnigh muintir nan Lochan i Leòdhas spiorad na eaglaise Ceiltí beo go dtí an lá inniu. Fuair an scannán inspioráid ó scéal iontach faoi na mbáid thraidisiúnta seoil ag imeacht i ndiaidh na seirbhísí comaoine chun na mbailte beaga thall agus abhus ar Loch Èireasort, agus iad beo le fuaim na salm Gàidhlig. Tá an scannán bunaithe ar thionscadal d’ealaín phobail agus comharthaíonn sé 1500 bliain de thionchar Naomh Colmcille ar chríocha na Gaeilge, agus níos faide ar shiúl.
Beidh an première ag 7.30 i.n. in An Lanntair, Steòrnabhagh. Tá an scannán le feiceáil anseo. Thug an stiúrthóir agus ealaíontóir, Déirdre Ní Mhathúna an cuntas a leanas ar an tionscadal:
“Is mór an onóir dom an scannán “Colm na Lochanna” a eisiúint in ómós do 1500 bliain de thionchar Naomh Colm Cille sna Gaeltachtaí agus níos faide ó bhaile. Scéal iontach as na Lochanna san Oileán Leòdhais atá ann, a tháinig chugham is mé ag taispeáint m’ obair ealaíne sa bhaile beag Ceòs, ar an taobh ó thuaidh Loch Èireasoirt. Is é an plean a bhí i m’ intinn an lá sin, slán agus buíochas a rá le muintir na háite, a chuir fáilte ó chroí romham na blianta roimhe sin.
“B’ar an lá céanna sin a chualamar scéal iontach faoi na bádaí traidisiúnta a chuir macalla na Salm Gàidhlig thar bharr na farraige, agus an pobal ag seoladh abhaile chun na mbailte beaga i ndiaidh seirbhíse san Eaglais. Bhíomar go léir tógtha leis an íomhá agus go gearr ina dhiaidh sin tugadh na ‘bátaichean nan salm’ le cur síos ar an tionscadal.
“Sna blianta beaga ina dhiaidh sin d’fhás comhluadar croíúil oscailte d’amhránaithe, seoltóirí, ealaíontóirí agus cairde. Tháinig baill an tionscadail as gach eaglais san oileán agus cuireadh fáilte freisin roimh dhaoine gan creideamh ar bith. Bhailíomar béaloideas suimiúil agus greannmhar ó na daoine a bhí ina ndéagóirí agus na bádaí acusan mar “Austins & Fords”.
“Gan amhras, d’athraigh Pròiseact Bàta nan Salm an bealach a bhí romham mar ealaíontóir. Níor shamhlaigh mé fanacht chomh fada san oileán, ná cairdeas chomh láidir a shnaidhmeadh trí mheán na Gàidlig, ach nuair a chas mé le muintir na Lochanna is fíor go raibh mé ag iarraidh stíl ealaíne a bheadh oiriúnach domsa mar Ghael agus a bheadh bunaithe ar rannpháirtíocht. Is ansin, sa bhaile beag ar chladach Loch Eireasort a lorg mé an chloch-adhmainte a rinne ceangal idir m’fhéiniúlacht mar Éireannach agus mo bheatha chruthaitheach in Albain.
“Sa scannán seo, rachaidh sibh ar aistear liomsa go croí chreideamh mhuintir na Lochanna ina bhfuil íomhá an choilm agus Colm Cille féin i gceartlár na hinste. Léireoidh scéalta na ndaoine mar a mhair oidhreacht na manach beo i nglór na Salm Gàidhlig, ainneoin dhíshealbhú an Reifirméisin, agus mar a coinníodh spiorad na hEaglaise Ceiltí beo go dtí an lá atá inniu ann.”
Inniu in Oileán Mhanann Laa Columb Killey nó Lá Fhéile Colm Cille Colmcilleagus tá ceiliúadh ar leith i bparóiste Arbory i ndeisceart an oileáins. Tá saothar ceoil déanta in onair Chomcille ag an chumadóir agus oideachasóir Aalin Clague: Y Folliaght (an rún) agus is le Marie Clague na liricí to lirics by Marie Clague. Is féidir éisteacht leis an cheol anseo, agus tá na liricí thíos i nGaeilge Mhanann agus Gaeilge na hÉireann. Tá siad le fáil i mBéarla agus i nGaeilge na hAlban ach na teangacha sin a roghnú thuas.
S’eunyssagh dou dy ve er cronk aalin er baare carrick. Dy voddym mennick fakin er yn ‘aarkey kiune. Aoibhinn dom bheith ar chnoc oileáin ar bharr carraige Go bhféacha mé go minic ar an fharraige chiúin. Dy voddym fakin ny tonnyn trome erskyn yn ushtey myr t’ad cantal kiaull da nyn Ayr dy bea veayn, kiaull da nyn Ayr dy bea veayn. Go bhféacha mé ar na tonnta troma ar an uisce Os cionn an t-uisce geal mar atá siad ag canstan Ceol chuig a nAthair go síoraí. Dy voddym fakin ny tonnyn trome, Dy voddym fakin yn traie gial-oirrit, Dy voddym clashtyn cronnane ny tonnyn, Dy voddym fakin possanyn eanlee, possanyn eanlee. Go bhféacha mé na dtonnta troma, Go bhféacha mé dtrá geal-chiumhaiseach, Go gcloise mé crónán na dtonnta Go bhféacha mé na b-ealtaí éan, ealtaí éan My vees my ennym, folliaght ta mee ginsh Eshyn chass e chooyl er Nerin Eshyn chass e chooyl er Nerin Go raibh mar ainm orm, rún a insím–; “Eisean a chas a chúl le hEirinn.” “Eisean a chas a chúl le hEirinn.” Dy voddym clashtyn cronnane ny tonnyn er oaie ny carrickyn, eam ny faarkey myr keayney liorish oaie. Go gcluine mé crónán na dtonnta Ar aghaidh na gcarraigeacha, glór na farraige mar chaoineadh ar bhruach uaighe My vees my ennym, she folliaght ta mee ginsh, Eshyn chass e chooyl er Nerin Eshyn chass e chooyl er Nerin. Columb Killey. Go raibh mar ainm orm, rún a insím–; “Eisean a chas a chúl le hEirinn.” “Eisean a chas a chúl le hEirinn.” Colm Cille
Aoibhinn dom bheith ar chnoc oileáin ar bharr carraige Go bhféacha mé go minic ar an fharraige chiúin.
Dy voddym fakin ny tonnyn trome erskyn yn ushtey
myr t’ad cantal kiaull da nyn Ayr dy bea veayn,
kiaull da nyn Ayr dy bea veayn.
Go bhféacha mé na tonnta troma, Go bhféacha mé dtrá geal-chiumhaiseach, Go gcloise mé crónán na dtonnta Go bhféacha mé na b-ealtaí éan, ealtaí éan
Dy voddym fakin ny tonnyn trome,
Dy voddym fakin yn traie gial-oirrit,
Dy voddym clashtyn cronnane ny tonnyn,
Dy voddym fakin possanyn eanlee, possanyn eanlee.
Go bhféacha mé na tonnta troma, Go bhféacha mé dtrá geal-chiumhaiseach, Go gcloise mé crónán na dtonnta Go bhféacha mé na b-ealtaí éan, ealtaí éan
Go raibh mar ainm orm, rún a insím–; “Eisean a chas a chúl le hEirinn.” “Eisean a chas a chúl le hEirinn.”
Go raibh mar ainm orm, rún a insím–; “Eisean a chas a chúl le hEirinn.” “Eisean a chas a chúl le hEirinn.” Colm Cille
S’eunyssagh dou dy ve er cronk aalin er baare carrick.
Dy voddym mennick fakin er yn ‘aarkey kiune.
Delightful to me to be on an island hill on the crest of a rock,
that I might often watch the quiet sea.
Dy voddym fakin yn yindys mooar,
Dy voddym fakin muic varrey niartal,
Dy voddym clashtyn eam taitnyssagh
Dy voddym clashtyn eanlee joarreeaght, eanlee joarreeaght.
Go bhfeice mé an t-iontas mór Go bhfeice mi muca mara tréana Go gcluine mé glór taitneamhach na n-éan Go gcluine mé éanacha coimhthíocha éanacha coimhthíocha
Go raibh mar ainm orm, rún a insím–; “Eisean a chas a chúl le hEirinn.” “Eisean a chas a chúl le hEirinn.”
Go raibh mar ainm orm, rún a insím–; “Eisean a chas a chúl le hEirinn.” “Eisean a chas a chúl le hEirinn.” Colm Cille
Dy voddym clashtyn cronnane ny tonnyn
er oaie ny carrickyn, eam ny faarkey myr keayney liorish oaie.
Go gcluine mé crónán na dtonnta Ar aghaidh na gcarraigeacha, glór na farraige mar chaoineadh ar bhruach uaighe
My vees my ennym, she folliaght ta mee ginsh,
Eshyn chass e chooyl er Nerin
Eshyn chass e chooyl er Nerin.
Columb Killey.
Colmcille agus na filí
In the year 575 the High King of Ireland Aodh Mac Ainmire invited dignitaries to attend an important gathering in Droim Ceat, county Derry. Among the topics up for discission was the question of what should be done with Ireland’s poets, who had become, in his view, rather impudent. One of the measures proposed was the banishing of poets from Ireland.
Bhí Colm Cille i láthair agus sheas sé le filí na hÉireann. Ach munar sheas Colm Cille leo, cad go díreach a bheadh caillte againn mar náisiún?
Sin í an cheist a spreag saothar nua leis an bhfile Daire Ní Chanáin, dán dar teideal Colm Cille agus na Filí. Mar chuid de chomóradh Colmcille1500 a coimsiúnaíodh an físeán filíochta seo uaithi, agus rinne Colmcille agus Foras na Gaeilge comhoibriú le Éigse Éireann chun an saothar a thaispeáint don chéad uair ar Lá Éigse Éireann/ Poetry Day Ireland ar an 28 Aibreán 2022.
Arsa an file Daire Ní Chanáin: “Is beag eolais a bhí agam ar Cholm Cille féin sular thosaigh mé ar an choimisiúin seo agus tá mé ar bís go raibh an deis agam go leor a fhoghlaim mar gheall air. Mothaím go bhfuil nasc níos laidre agam le Colm Cille anois agus is minic a fheicim giotaí dó thart orm anois, go háirithe ós rud é go bhfuil mé i mo chónaí i nDoire. Sa dán féin, bhí mé ag iarraidh aird a tharraingt ar na fílí iontacha ar fad a tháinig romham agus orthu siúd atá ag saothrú leo i nGaeilge faoi láthair fosta. Táimid go mór faoi chomaoin acu. Agus táimid go mór faoi chomaoin ag Colm Cille.”
Agus an físeán filíochta á sheoladh, bhí an méid seo le rá ag Comhordaitheoir Colmcille 1500 Tristan Rosenstock: “Baineann Daire Ní Chanáin le glúin úr filí a chuireann a gcuid saothair inár láthair ar bhealaí úra. Tá ealaín ní hamháin san fhilíocht a chumann sí, ach sa chur i lathair chomh maith. Is léir nuair a bhreathnaíonn tú ar an bhfíseán seo go bhfuil ardmheas ag Daire ar thraidisiún na filíochta, ach go bhfuil a conair féin á leanacht aici mar fhile agus tá guth sainiúil dá cuid féin aimsithe aici. Bhí ríméad orainn file óg as Doire a bheith lárnach i gcomóradh Cholmcille 1500”.
Agus an físeán filíochta á sheoladh, bhí an méid seo le rá ag Comhordaitheoir Colmcille 1500 Tristan Rosenstock:
Agus an físeán filíochta á sheoladh, bhí an méid seo le rá ag Comhordaitheoir Colmcille 1500 Tristan Rosenstock: “Baineann Daire Ní Chanáin le glúin úr filí a chuireann a gcuid saothair inár láthair ar bhealaí úra. Tá ealaín ní hamháin san fhilíocht a chumann sí, ach sa chur i lathair chomh maith. Is léir nuair a bhreathnaíonn tú ar an bhfíseán seo go bhfuil ardmheas ag Daire ar thraidisiún na filíochta, ach go bhfuil a conair féin á leanacht aici mar fhile agus tá guth sainiúil dá cuid féin aimsithe aici. Bhí ríméad orainn file óg as Doire a bheith lárnach i gcomóradh Cholmcille 1500”.
You can watch the video here.
https://www.youtube.com/watch?v=3Z-IhodljN8
#Colmcille1500
Brian Ó hEadhra · ·
Tá áthas ar Bhòrd na Gàidhlig (BnG) a fhógairt go bhfuil siad ag tabhairt maoiniú ar luach £88,000 do thionscadail in Albain, agus do thriúr a bheas ag foghlaim Gaeilge na hÉireann trína scéim maoinithe Colmcille.
Comhpháirtíocht is ea Colmcille idir Foras na Gaeilge in Éirinn agusBòrd na Gàidhlig in Albain. Cothaíonn sé cumarsáid agus comhoibriú idir pobail Ghaeilge na hÉireann agus pobail Ghaeilge an hAlban.
I 2022 leanfaimid den chomóradh Colmcille 1500 le himeachtaí agus tionscadail speisialta.
Tá maoiniú ar fáil do thionscadail a thabharfaidh cainteoirí Ghaeige na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban le chéile, agus fosta do cainteoirí Gaidhlig atá ag iarraidh tabhairt faoi chúrsa i nGaeigle na hÉireann.
I mbliana táimid ag tabhairt tacaíocht do thriúr a bheas ag tabhairt faoi chúsaí i nGaeilge na hÉireann agus do 10 dtionscadal ar leith a a bhfuil aidhm acu na ceangail idir Éire agus Albain a neartú. Tá i measc na dtionscadal seo, Ceangal 2022 ag Urras Coimhearsnachd Bhràdhagair agus Àrnoil (UCBA) ann an Leòdhas. Mar pháirt dá dtionscadal is mian leo dul i dteagmháil le tionsacadail phobail, fiontair shóisialta, eagraíocchtaí deonacha agus páirtithe i gCorca Dhuibhne agus ar an Daingean le heolas a chur ar chultúr, ghnásanna agus ar shaol a chéile.
Dúirt Murdo Morrison, Oififgeach pobail ag UCBA: Tá áthas orainn, agus táimid buíochas as an tacaíocht seo ag le nascanna a thógáil go hidirnáisiúnta idir ár bpobal féin in Iarthar Leòdhais agus muintir Chiarraí. Sa tionscadal seo beimid ag iarraidh nascanna pobail teanga, cultúir oideachas agus nascanna eile a thógáil.”
Tabharfar maoiniú do dheich dtionscadal de chúrla éagsúil ar fud na tíre. Ina measc, tá Éiceamhúsaem Ceilteach san Eilean Sgitheanach, tionscadal filíochta i nDún Éideann, iomáin don óige, agus tionscadal turasóireachta sna Garbhchríocha.
Dúirt Brian Ó hEadhra, Bainistíocht Maoiniú agus Compháirtíocht, Bòrd na Gàidhlig Cuireann sé lúcháir orainn tacú leis na grúpaí seo agus iead ag tógáil nascanna lenár gcairde in Éirinn. Tá scéim maoinithe Cholmcille ar obair le hachar maith de bhlianta, agus is údar misnigh iarratais a fheiceáil gach bliain ó chainteoirí Gaeilge atá i bhfach ní amháin le Gaeigle na hÉireann a fhoghlaim, ach fosta le nascanna teanga a neartú.
Bhí an scéim oscailte ar feadh 13 seachtaine idir an 11 Samhain 2021 agus an 10 Feabhra 2022. Tá dhá spriocdháta ag scéim Fhoras an Gaeilge, agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.
Is féidir liosta iomlán de na hiarratais rathúla a fháil anseo.
Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970
Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454