Deirtear gur dúshlán é eispéireas saoil trí Ghaeilge a thabhairt do dhéagóirí, ach tá pobal Charn Tóchair i nDoire Theas díreach á dhéanamh sin don aos óg, agus mar chuid de sin eagraíonn siad odaisé bus is báid go hAlbain gach bliain.
Le tamall de bhlianta, tá bus caoga suíochán ag taisteal ó Dhún na nGall go Contae Dhoire, agus as sin, an bealach ar fad go hOileán Leòdhais. Bíonn an bus lán déagóirí agus daoine atá ag cuidiú leo, agus tugann siad a n-aghaidh ar Fhèis Eilean an Fhraoich, féile óige i Leòdhas, agus ar ógánaigh atá ar comhaois leo agus a labhraíonn Gaeilge na hAlban.
Bíonn an turas á eagrú ag Club Óige Lúraigh, ceann den líonra d’eagraíochtaí Gaeilge atá i ndiaidh teacht chun cinn i gceantar tuaithe Charn Tóchair i nDoire Theas. Tá an club i bpáirt leis an fhèis i Leòdhas, agus le Muintearas, eagraíocht óige Ghaeltachta in Éirinn, agus bíonn déagóirí ó cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Chonamara ar an bhus chomh maith le déagóirí Dhoire.
Bíonn ógánaigh na hÉireann páirteach i gceol agus in iomáint agus iad i Leòdhas, chomh maith le ranganna teanga, agus cuidíonn ceardlanna drámaíochta leo teacht isteach ar Ghaeilge na hAlban.



Deir Joe Ó Dochartaigh, oibrí óige ag Club Óige Lúraigh, go bhfuil an t-odaisé bliantúil seo ag croílár shaol an chlub. Fiú má tá siad san oideachas trí mheán na Gaeilge, mura bhfuil Gaeilge acu sa bhaile is féidir claonadh a bheith ag cuid de na déagóirí ligean le sruth an Bhéarla eatarthu féin. Ach tá toradh ar leith ar imeachtaí an chlub óige, agus an t-odaisé bliantúil go hOileán Leòdhais go háirithe. Nuair a chuireann na daoine óga dúthracht in ullmhúchán don fhèis agus don turas fhada anonn agus ar ais, roghnaíonn siad an Ghaeilge a labhairt eatarthu féin, gnás a mhaireann agus iad sa bhaile. Tá an t-odaisé go Leòdhas ag athrú shaol an phobail i nDoire Theas.
Cairdeas Úr
Toradh eile ar an odaisé an cairdeas; cairdeas úr idir muintir Leòdhais agus muintir Charn Tóchair, agus idir aos óg Charn Tóchair agus déagóirí na Gaeltachta in Éirinn. Tá cuireadh faighte ag ceoltóirí óga as Éirinn seinm ag féile mhór cheoil Leòdhais, HebCelt; tá teaghlaigh as Leòdhas i ndiaidh teacht ar cuairt go Contae Dhoire, agus tá fear óg a bhí ar an turas, Dubhaltach Mac Conmidhe, ag dul do chéim i nGaeilge na hAlban anois i nGlaschú.