• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Première: Calman nan Loch, an 9 Nollaig, An Lanntair, Steòrnabhagh

Maolcholaim Scott · December 6, 2022 ·

Sa scannán seo faighimid amach mar a choinnigh muintir nan Lochan i Leòdhas spiorad na eaglaise Ceiltí beo go dtí an lá inniu. Fuair an scannán inspioráid ó scéal iontach faoi na mbáid thraidisiúnta seoil ag imeacht i ndiaidh na seirbhísí comaoine chun na mbailte beaga thall agus abhus ar Loch Èireasort, agus iad beo le fuaim na salm Gàidhlig. Tá an scannán bunaithe ar thionscadal d’ealaín phobail agus comharthaíonn sé 1500 bliain de thionchar Naomh Colmcille ar chríocha na Gaeilge, agus níos faide ar shiúl.

Beidh an première ag 7.30 i.n. in An Lanntair, Steòrnabhagh. Tá an scannán le  feiceáil anseo. Thug an stiúrthóir agus ealaíontóir, Déirdre Ní Mhathúna an cuntas a leanas ar an tionscadal:

“Is mór an onóir dom an scannán “Colm na Lochanna” a eisiúint in ómós do 1500 bliain de thionchar Naomh Colm Cille sna Gaeltachtaí agus níos faide ó bhaile. Scéal iontach as na Lochanna san Oileán Leòdhais atá ann, a tháinig chugham is mé ag taispeáint m’ obair ealaíne sa bhaile beag Ceòs, ar an taobh ó thuaidh Loch Èireasoirt. Is é an plean a bhí i m’ intinn an lá sin, slán agus buíochas a rá le muintir na háite, a chuir fáilte ó chroí romham na blianta roimhe sin.

“B’ar an lá céanna sin a chualamar scéal iontach faoi na bádaí traidisiúnta a chuir macalla na Salm Gàidhlig thar bharr na farraige, agus an pobal ag seoladh abhaile chun na mbailte beaga i ndiaidh seirbhíse san Eaglais. Bhíomar go léir tógtha leis an íomhá agus go gearr ina dhiaidh sin tugadh na ‘bátaichean nan salm’ le cur síos ar an tionscadal.

“Sna blianta beaga ina dhiaidh sin d’fhás comhluadar croíúil oscailte d’amhránaithe, seoltóirí, ealaíontóirí agus cairde. Tháinig baill an tionscadail as gach eaglais san oileán agus cuireadh fáilte freisin roimh dhaoine gan creideamh ar bith. Bhailíomar béaloideas suimiúil agus greannmhar ó na daoine a bhí ina ndéagóirí agus na bádaí acusan mar “Austins & Fords”.

“Gan amhras, d’athraigh Pròiseact Bàta nan Salm an bealach a bhí romham mar ealaíontóir. Níor shamhlaigh mé fanacht chomh fada san oileán, ná cairdeas chomh láidir a shnaidhmeadh trí mheán na Gàidlig, ach nuair a chas mé le muintir na Lochanna is fíor go raibh mé ag iarraidh stíl ealaíne a bheadh oiriúnach domsa mar Ghael agus a bheadh bunaithe ar rannpháirtíocht. Is ansin, sa bhaile beag ar chladach Loch Eireasort a lorg mé an chloch-adhmainte a rinne ceangal idir m’fhéiniúlacht mar Éireannach agus mo bheatha chruthaitheach in Albain.

“Sa scannán seo, rachaidh sibh ar aistear liomsa go croí chreideamh mhuintir na Lochanna ina bhfuil íomhá an choilm agus Colm Cille féin i gceartlár na hinste. Léireoidh scéalta na ndaoine mar a mhair oidhreacht na manach beo i nglór na Salm Gàidhlig, ainneoin dhíshealbhú an Reifirméisin, agus mar a coinníodh spiorad na hEaglaise Ceiltí beo go dtí an lá atá inniu ann.”

Uncategorized @ga

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2023