• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Siúlóid Ghaeilge ar Shlí Cholmcille 9 – 12 Meitheamh 2023

Maolcholaim Scott · April 21, 2023 ·

Ón 9 go dtí an 12 Meitheamh 2023 beidh siúlóid agus oilithreacht ceithre lá i nGaeilge ar Shlí Cholmcille i nDún na nGall. Téann Slí Cholmcille ó Ghleann Cholm Cille in Éirinn go hOileán Í in Albain, agus nascann sé láithreacha a bhaineann le beatha agus le traidisiún an naoimh.

Tá súil go mbeidh an tSlí mar mhacasamhail an Camino de Santiago sa Spáinn. Ón 9 go dtí an 12 Meitheamh beidh deis eolas a chur ar an dúlra, slí don cholainn, agus slí don spiorad agus comhluadar i nGaeilge i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall.

Ó 2020, bhí oilithreacht gach samhradh ar Shlí Cholmcille, ach is í seo an chéad agus siúlóid agus oilithreacht atá go hiomlán i nGaeilge. Tá sí á heagrú ag comharchumainn Ghaeltachta agus ceantair pleanála teanga i nDún na nGall i gcomhar le clár Cholmcille d’Fhoras na Gaeilge. Beidh Séamus Ó Dúchoin, treoraí sléibhe agus cainteoir dúchais as an Fhál Carrach ag treorú na siúlóide.

Cuirfear tús ar an tsiúlóid Lá Fhéile Colm Cille an 9 Meitheamh i nGleann Cholm Cille. An 10 Meitheamh beidh daoine ag siúl idir Tobar Eithne , tionmnaithe d’Eithne, máthair Cholm Cille agus Gartán mar a bhfuil a áit breithe agus láithreacha eile a bhaineann lena óige. An tríú lá tosóidh tsiúlóid ag Cros Ráithe, ionad a raibh ceangal ar leith aige le hOileán Í, agus rachaidh sé ar aghaidh go Cnoc na Naomh. Beidh Séamus Ó Dúchoin, treoraí sléibhe agus cainteoir dúchais as an Fhál Carrach ag treorú na siúlóide. Ar an 12 Meitheamh beidh turas go Toraigh, mar a bhfuil oidhreacht shaibhir a bhaineann le mainistir de chuid Cholm Cille. Ag an am sin den bhliain, beidh an t-oileán beo le héanacha, agus beidh saineolaí ar an dá chuid, an t-ealaíontóir Antain Ó Mianáin, mar threoraí.

Tá pacáiste ar fáil do cheithre lá le leaba agus bricfeasta trí oíche i dTeach Jack i nGaoth Dobhair. Cosnóidh sé €390 do dhuine amháin, agus €350 an duine agus beirt ag roinnt seomra. Beidh ráta laethúil ann fosta: €20, nó €50 don cheathrú lá i dToraigh agus thuras fillte ar an bhád farantóireacht san áireamh. Is féidir iarratas tuilleadh eolais a fháil, ach fios a chur chuig slí@forasnagaeilge.ie.

Uncategorized @ga

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2026