• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Skip to primary sidebar
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Maoiniú

Feidhmíonn Colmcille trí scéimeanna deontais agus trí thionscadail a éascú agus a thionscnamh. Le maoiniú tugtar faoi na téamaí seo a leanas: na healaíona, daoine óga, oidhreacht, Gaeilge na hAlban agus na hÉireann a fhoghlaim, comhpháirtíocht agus forbairt pobail, agus taighde.

In Albain tacaíonn Bòrd na Gàidhlig le scéim deontais bhliantúil Cholmcille a bhfuil de rún sonrach léi tacú le tionscadail a bhaineann na nithe seo a leanas amach:

  • Cur chun cinn Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann trí na healaíona
  • Oidhreacht a úsáid le pobail labhartha Gaeilge a thabhairt le chéile agus stádas na dteangacha Gaeilge a ardú
  • Cainteoirí óga Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann a thabhairt le chéile trí imeachtaí nó tionscadail scoile
  • An comhphlé a chur chun cinn agus eispéiris agus an cleachtas is fearr a chomhroinnt idir cainteoirí Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann
  • Tacú le foghlaim Ghaeilge na hÉireann i measc chainteoirí Ghaeilge na hAlban

Tá foirmeacha iarratais agus treoirlínte Bòrd na Gàidhlig do scéim Cholmcille ar fáil anseo.

Ray Cross

Iomain

Curraghs

In Éirinn feidhmíonn Foras na Gaeilge, ar bhonn uile-oileáin agus tá trí scéim deontas Cholmcille aige:

  • Scéim Deontas Cholmcille, do thionscadail, a bhfuil dhá bhabhta maoinithe aici sa bhliain
  • Scéim Miondeontas Cholmcille le haghaidh comhpháirtíochtaí agus tionscadail a fhorbairt, atá ar oscailt i rith an ama
  • Scéim Sparánachta Cholmcille do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann atá ag foghlaim Ghaeilge na hAlban

Tá foirmeacha iarratais agus treoirlínte Fhoras na Gaeilge do scéimeanna Cholmcille ar fáil anseo.

Primary Sidebar

News

  • Lusanna/Lussyn/Lusan & Feamainn Famlach Feamainn
  • Première: Calman nan Loch, an 9 Nollaig, An Lanntair, Steòrnabhagh
  • Laa Columb Cilley
  • Samhlaigh nach raibh filí ann …

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2023