• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Skip to primary sidebar
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Faoi

Is comhpháirtíocht é Colmcille idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig, a chuireann chun cinn úsáid Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban in Éirinn agus in Albain agus idir an dá thír. Is é is aidhm do Cholmcille, trína chuid oibre, tuigbheáil a chothú ar eispéireas agus cultúr ilghnéitheach phobail Ghaeilge na nÉireann agus na hAlban, agus díospóireacht a spreagadh ar ábhair is cás don dá phobal araon maidir le ceisteanna sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha, d’fhonn féinmhuinín a thógáil sna pobail teanga Ghaelacha.

Is é aidhm Cholmille cainteoirí Gàidhlig na hAlban agus Gaeilge na hÉireann a thabhairt le chéile:

a) le heolas agus le haithne a chur ar a chéile, a dteangacha, cultúr agus oidhreacht

b) le cluas ghéar a thabhairt dá chéile agus a dtraidisiúin chultúrtha a chomhroinnt

c) le heolas a chomhroinnt agus le comhoibriú le freastal ar riachtanais a chéile

d) le feasacht a ardú ar an timpeallacht nádúrtha, fhisiceach agus chultúrtha ina maireann siad, agus sláinte agus folláine na dteangacha Gaelacha a bhuanú mar chuid den timpeallacht sin

e) le comhoibriú le cainteoirí Ghaeilge na hAlban i gCeanada, agus le cainteoirí Ghaeilge Mhanann

Gleann Cholmcille

Is í an obair i gcomhpháirt dúshraith ár gcuid oibre trí Cholmcille; cothaíonn sí cairdeas agus caidreamh agus tógann sí struchtúir inar féidir le daoine comhoibriú. Feidhmíonn Colmcille trí scéimeanna deontais agus trí thionscadail a éascú agus a thionscnamh.

As an teagmháil idir cainteoirí an dá theanga is féidir tógáil ar na comhchosúlachtaí. Is féidir rudaí atá ar aithne a fheiceáil ar bhealach nua, éagsúil gan a bheith coimhthíoch ná bagrach. Thig linn teacht ar spás úr do Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann, neart san éagsúlacht.

Is féidir straitéis Cholmcille do 2019 – 2021 a íoslódáil anseo.

Is féidir léarscáil Cholmcille (2011) a íoslódáil anseo.

Is féidir Lógó Cholmcille 1500 a íoslódáil anseo

Primary Sidebar

News

  • Lusanna/Lussyn/Lusan & Feamainn Famlach Feamainn
  • Première: Calman nan Loch, an 9 Nollaig, An Lanntair, Steòrnabhagh
  • Laa Columb Cilley
  • Samhlaigh nach raibh filí ann …

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2023