• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Uncategorized @ga

Maoiniú bronnta le beocht a chur i gColm Cille ar fud Dhún na nGall agus Dhoire

Brian Ó hEadhra · May 17, 2021 ·

D’éirigh le ocht dtionscadal déag sna ceantair Chomhairle, Doire, an Srath Bán agus Dún na nGall a dhéanann ceiliúradh ar stair, ceol, drámaíocht, litríocht, ealaín agus béaloideas Cholm Cille, maoiniú a fháil a cuireadh ar fáil mar chuid de Scéim Deontais Pobail Cholmcille 1500, scéim a seoladh in Eanáir 2021.

Tá an scéim mar chuid de chieliúradh bliana Cholmcille 1500 a dhéanann comóradh ar 1500ú cuimhneachán bhreith Cholm Cille (a dtugtar Columba air chomh maith).

Aithnítear sa bhliain tábhacht agus oidhreacht an naoimh a mhair sa 6ú céad, chan amháin do Dhoire agus Dún na nGall ach d’Éirinn, Albain agus ar fud an domhain. Mairfidh an ceiliúradh bliana ó 7ú Nollaig 2020 go 7ú Nollaig 2021.

Fuarthas corradh le 70 iarratas don scéim deontais agus fuair na 18 iarratasóir ar éirigh leo deontais €2,000 nó £1,800 mar chuid den 1500ú ceiliúradh atá ar siúl le linn 2021.

Agus í ag cur fáilte roimh bhronnadh an deontais, dúirt Deirdre Harte, Bainisteoir Tionscadail Cholmcille 1500 go gcuirfidh na hiarratasóirí rathúla beocht in oidhreacht Cholm Cille trí théamaí éagsúla lena n-áirítear stair, ceol, drámaíocht, litríocht, ealaín, seandálaíocht, spioradáltacht, scéalaíocht agus béaloideas.

“Tá lúcháir orainn gur bhronn muid maoiniú a fhágann go dtig linn an saibhreas buanna agus cruthaitheachta inár bpobail áitiúla a thaispeáint. Is deis iontach é le ligean do mhuintir na háite páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus le cuidiú linn Colm Cille a chur i láthair réimse de lucht éisteachta, idir óg agus aosta, ar dhóigheanna éagsúla mar shampla trí cheolchoirmeacha, gearrscannáin, conairí fíorúla, féile shiúil, ceardlanna filíochta, suiteálacha ealaíne, saothair úra cheoil agus clár d’ambasadóirí.”

Tá an tionscadal á eagrú ag Comhairle Ceantair Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin agus Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le chéile le tacaíocht ó pháirtithe ríthabhachtacha lena n-airítear Ciste Forbartha an Iarthuaiscirt, i gcomhar leis an Oifig Feidhmiúcháin agus Rialtas na hÉireann agus le tacaíocht uathu.

Sa chlár don bhliain tá réimse de thionscadail, imeachtaí agus gníomhaíochtaí lena n-áirítear an scéim deontais pobail agus tá sé á sheachadadh i gcomhpháirt le réimse d’eagraíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

I measc na naoi dtionscadal Dhún na nGall ar éirigh leo tá roinnt mhaith a bheas ann i gceantar Ghartáin an áit ar rugadh Colm Cille. Léireoidh Cumann Ceol Aireagail Dhún na nGall saothar speisialta ‘Mobhi’s Belt’ bunaithe ar scéal an-tráthúil thionchar suntasach paindéime ar shaol Cholm Cille mar mhanach. Cruthóidh an déantóir scannán, Brenda Kelly, gearrscannán úr ‘Colmcille’s Childhood in Gartan’, ina dtaispeántar cuid mhór de na suíomhanna áitiúla inar fhás an naomh aníos agus tabharfaidh Cór Soiscéalach Cholmcille le chéile amhránaithe ó ghlúnta agus ceantair éagsúla le ceoltóirí agus ealaíontóirí clúiteacha le ceol mar cheiliúradh ar Cholmcille 1500 i nGartán agus i nGleann Cholm Cille.

Fuair Oideas Gael maoiniú le béaloideas a bhailiú agus le léarscáil dhigiteach idirghníomhach a dhéanamh ina léirítear an gréasán saibhir de mhion-logainmneacha a bhaineann leis an naomh i nGleann Cholm Cille – leithéidí ainmneacha páirceanna agus gnéithe de dhéantús an duine.

In Explore Inishowen tabharfar Féile Shiúil Cholm Cille lena léiriú cá háit ar shiúil sé in Inis Eoghain agus beidh siúlóidí ann dírithe ar áiteanna inspéise mar Phort Cille ónar fhág Colm Clle le dul go hAlbain. Agus i bhFánaid, coimisiúnóidh Paróiste Chluain Dhabhaodóg íocón agus foilseoidh siad bróisiúr ina ndéantar na príomhshíomhanna a léarscáiliú agus a dtreoraítear daoine chuig an chaibidil fholaithe (‘Guth Colmcille’) de shaol an naoimh, a sheal i bhFánaid.

Fuair Grúpa Oidhreachta Disert maoiniú fosta le tochailt seandálaíochta a dhéanamh ag an tsuíomh eaglaise luath-mheánaoiseach, an reilig agus an tobar naofa a tiomnaíodh do Cholm Cille a chuideoidh le plé náisiúnta agus idirnáisiúnta ar nádúr na luath-Eaglaise agus obair Cholm Cille. Cuirfidh Teach na nAmhrán imeachtaí litearthachta ar fáil ar líne á stiúradh ag filí Éireannacha agus fili Albanacha a bhfuil duaiseanna bainte acu agus léireoidh Beltaine Productions gearrscannán ‘Colmcille, Myths, Legends and Truths’ a dhéanann iniúchadh ar an tírdhreach agus ar chultúr Dhún na nGall in aimsir an naoimh. An Dr Brian Lacey, duine de na saineolaithe is mó in Éirinn ar Cholm Cille a chuirfeas i láthair é.

Tá tuilleadh sonraí faoi na gníomhaíochtaí atá pleanáilte do Cholmcille 1500 le fáil www.colmcille1500.com

Slí Cholmcille – Camino Gaelach

Maolcholaim Scott · May 12, 2021 ·

Tá coiste Turas Colmcille i nDún na nGall agus i nDoire ag iarraidh Slí Cholmcille a fhorbairt mar líonra cosán siúil a nascann príomhshuímh Oidhreachta Cholmcille ar fud an dá chontae. Tógfaidh an tsiúlóid i stíl Camino trasna Dhún na nGall agus Dhoire dhá lá dhéag go ceithre lá dhéag. Bhí rannpháirtíocht shuntasach sa phobal cheana féin. Siúlóid ‘cruthúnas ar choincheap’ chuig an gceann scríbe in 2020. Lorgaíonn an coiste tairiscintí do Phlean Margaíochta Forbartha agus Gnó. Is é an 24 Bealtaine 2021 an spriocdháta le haghaidh tairiscintí agus is féidir na sonraí a fháil anseo .

7 saothar nua ealaíne mar chuid de chomóradh 1500 bliain bhreith Cholm Cille

Brian Ó hEadhra · April 26, 2021 ·

Tá seacht saothar nua ealaíne coimisiúnaithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Tá na coimisiúin seo sna hamharc-ealaíona, sa cheol agus sa litríocht. Is cuid iad den chlár comórtha ilghnéitheach atá á eagrú ag an Acadamh chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhliain mhór chuimhneacháin Cholm Cille, a rugadh 1500 bliain ó shin i nGartán, i dTír Chonaill.

Is iad na healaíontóirí seo a leanas a chuirfidh na coimisiúin i gcrích:

• Timothy O’Neill, máistirchallagrafaí. Cruthóidh sé saothar ealaíne a dhéanfaidh ceiliúradh ar Cholm Cille mar pheannaire agus ar a thionchar ar thraidisiún na lámhscríbhinní.

• Róisín de Buitléar, a bhfuil duaiseanna bronnta ar a saothair ealaíne ghloine. Freagróidh a píosa dealbhadóireachta i ngloine do chreideamh Cholm Cille go bhfuil ‘trí mhodh éagsúla chun daoine a thabhairt chun creidimh’.

• Julie Fowlis, Éamon Doorley, Zoë Conway and John McIntyre, a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu mar cheoltóirí. Cumfaidh siad amhrán úr i gcomhar le chéile, le spreagadh samhlaíoch ó shaol agus ó shaothar Cholm Cille.

• Biddy Jenkinson, file agus drámadóir clúiteach Gaeilge. Tá dráma á scríobh aici dar teideal ‘Í’ ina ndéanfar machnamh ar Cholm Cille agus é idir dhá thine Bhealtaine nuair a bhí mórchinntí a shaoil le déanamh aige.

• Proinsias Mac a’ Bhaird, scríbhneoir bisiúil Gaeilge. Tá úrscéal á chumadh aige a shamhlaíonn óige Cholm Cille in Éirinn agus na cúinsí a thug air imeacht go hOileán Í.

• Sandaidh NicDhòmhnaill Jones, sárfhile Gàidhlig a bhfuil coróin reatha A’ Chomuinn Ghàidhealaich uirthi. Tá sí ag obair ar shraith dánta bunaithe ar shaoltaithí Cholm Cille agus ar thionchar a oidhreachta.

• Simon Ó Faoláin, file tréitheach Gaeilge. Tá sé ag cumadh sraith dánta bunaithe ar thréimhsí éagsúla i saol Cholm Cille agus ar thoisí ilghnéitheacha a oidhreachta.

Tá súil leis na saothair ealaíne thart ar lá fhéile Cholm Cille, an 9 Meitheamh, agus taispeánfar go poiblí níos déanaí sa bhliain iad. Tá sraith léachtaí poiblí ar ghnéithe d’oidhreacht Cholm Cille á heagrú ag Acadamh Ríoga na hÉireann freisin don fhómhar, le tacaíocht ón gcomhpháirtíocht Éireannach-Albanach Colmcille.net. Tá súil ag an Acadamh na léachtaí a chur ar fáil i bhfoirm podchraoltaí i ndiaidh na sraithe, maille le taispeántas digiteach.

Céilidh idir Éirinn agus Albain

Brian Ó hEadhra · April 20, 2021 ·

Beidh céilí idir Éirinn agus Albain beo ar Facebook Dé hAoine an 30 Aibreán 2021 ag 8pm. Beidh an céilí á óstáil ag Foras na Gaeilge Museum nan Eilean agus Pleanálaithe Teanga Dhún na nGall. Beidh amhráin, ceol agus scéalaíocht as Éirinn agus Albain i nGaeilge an dá thír.

Beidh an ócáid a chur i láthair ag Shona NicIllfhialain as Uibhist a Deas, Albain agus Aodán Ó Cearbhaill as Gaoth Dobhair , Éirinn.

Ar chuid de na haíonna a bheidh páirteach ar an oíche beidh Màrtainn Mac an t-Saoir, Linda NicLeòid, Lea MacLeòid agus Aileen Elder as Albain. Beidh Sinéad & Colm Breathnach, Ciarán Mac Feilimí, Conor Ó Gallachóir, Eithne Ní Ghallchobhair agus Niamh Ní Dhubhgáin as Éirinn.

Fáilte romhat an nasc thíos a leanstan le sult a bhaint as an chèilidh ar Facebook Cholmcille.

Suíomh nua do Cholmcille 1500

Brian Ó hEadhra · April 19, 2021 ·

Bliain stairiúil í seo – 1500 bliain ó rugadh Naomh Colm Cille.

Tá suíomh gréasáin úr forbartha ag Comhairle Chathair Doire agus Cheantar a tSratha Báin agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall d’imeachtaí in Éirinn do Cholmcille 1500.

Visit the website here.

  • « Go to Previous Page
  • Page 1
  • Interim pages omitted …
  • Page 3
  • Page 4
  • Page 5
  • Page 6
  • Page 7
  • Page 8
  • Go to Next Page »

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2026