• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Uncategorized @ga

Laa Columb Killey – Lá Fhéile Cholmcille Oileán Mhanann

Maolcholaim Scott · June 25, 2020 ·

Bannaght Columb Killey as yeearreeyn share voish Mannin

Beannacht Cholmcille agus gach dea-ghuí ó Oileán Mhanainn. From Phil Gawne  [Leagan Gaeilge thíos]

Choud’s ta recortyssyn soilshey dooin ta feailley ny margey er ve goll er cummal ayns Skeerey Cairbre jannoo ard-eailley jeh Columb Killey er dyn 1733. Ayns e chooinaghtyn, screeu Dr Juan y Clague, eshyn ren recortys beeal-arrish as arraneyn as carryn tradishoonagh as hooar baase ayns 1908, “ta cooinaght aym pene er ollan, snaie olley, eggaghyn dy eaddagh, eeast chirmit, eeast sailjey as lhiare goll er creck er’n nah laa as feed Mean Souree er Laa Columb Killey” as “ta mee er nakin wheesh as feed bwaagyn ayn ry hoi creck lhune eddyr yn daa ghroghad.”

Hie yn margey magh ass ayns ayrn s’jerree y nuyoo keead jeig agh v’eh aavioghit ayns 1912 ec yn Ard-jaghin Kewley as ta laa seyr ny skeerey er ve ayn er dyn shen, lesh spoyrtyn, taishbynys troar as ellynyn, as kiaull as rinkaghyn. Hig keeadyn dy leih dagh blein dy chur shilley er ny goaill ayrn ayn as she laa mie inshit foast ayns blein heshoil ny Manninee https://soundcloud.com/phil-gawne/columb-killey-mannin

Tá fianaise scríofa ar fhéile nó aonach ag ceiliúradh Cholmcille i bParóiste Cairbre in Oileán Mhanann ó 1733 ar a laghad. Deir an Dr John Clague, bailitheoir béaloidis a fuair bás i 1908: “Is cuimhin liom féin olann, snáth olainn, iasc triomaithe, scadáin shaillte agus leathar a bheith á ndíol i mí mheáin an tsamhraidh ar Lá Fhéile Colmcille.” agus “ Chonaic mé suas le fiche puball idir an dá dhroichead agus leann á ndíol iontu.”

Is cosúil gur shíothlaigh an fhéile sa dara leath den naoú céad déag acu rinne an tArd-Déagánach Kewley a athbheochan i 1912, agus tá sé ina lá saoire ag an pharóiste riamh ó shin agus spórt, ealaíona seó táirgí agus rince mar pháirt de. Meallann an t-aonach na céadta cuairteoir gach bliain, agu tá sé na laethanta móra i fhéilire shóisialta Oileán Mhanann. Beannachtaí Columb Killey agus gach dea-ghuí as Manainn.

Lainseálann Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig suíomh gréasán nua do Cholmcille

Brian Ó hEadhra · June 9, 2020 ·

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge agus ar Bòrd na Gàidhlig suíomh gréasáin nua a lainseáil inniu don chlár Colmcille, a nascann Éire agus Albain. Lainseáladh an suíomh nuadheartha ar an 9 Meitheamh, lá féile Naomh Colmcille. Ar an suíomh tá lógó nua do Cholmcille, an clár comhpháirtíochta a nascann Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban. Tá an suíomh comhóstáilte ar fáil i nGaeilge na hÉireann, i nGaeilge na hAlban agus i mBéarla, agus tá sé comhtháite le cainéil ar na meáin shóisialta.

Continue Reading

Cad é Iomain Cholmcille

Brian Ó hEadhra · May 18, 2020 ·

Thoisigh Iomain Cholmcille le cluiche amháin le rialacha idirnáisiúnta idir Micheál Breathnach CLG agus foireann d’imreoirí roghnaithe camánachta a raibh Gaeilge na hAlban acu in Òban in 2007.

Ag croílár an imeachta bhí an Ghaeilge. B’éigean Gaeilge na hÉireann nó Gaeilge na hAlban a bheith ag gach imreoir agus b’éigean dóibh í a úsáid. Thaitin an cluiche go mór le gach duine a d’imir, ach níorbh é sin deireadh an scéil.

I ndiaidh an chéad chluiche sin, tá an tionscadal i ndiaidh fás thar dhosaen comórtas a reáchtáladh i gConamara, Eilean Sgitheanach, Dún na nGall, Glaschú agus an Gearasdan.

In 2015 thoisigh comórtas na mban, An Còrn Sgàthaich, agus bhí comórtais don óige ann riamh ón tús. De ghnáth tugann an fhoireann atá ar cuairt cóitseáil d’óige na háite, agus méadaíonn seo muinín muintir na háite.

Bíonn caighdeán maith imeartha ann sna cluichí seo, le himreoirí a bhfuil Gaeilge acu agus a d’imir ar an leibhéal is airde chomh maith le himreoirí ó chlubanna níos lú. Meallann na cluichí sluaite móra agus tá de chlú orthu taispeántas ar dóigh a thabhairt cibé áit a n-imrítear iad.

Bíonn an ceol agus an chraic iontach tábhachtach mar chuid den ócáid uilig chomh maith, agus is iomaí sin céilí a bhí mar chuid den chomórtas, le himreoirí agus oifigí ag fáil seans a bheith ag caint le chéile agus ag foghlaim óna chéile.

Na Buntáistí

Is fada buan na buntáistí a bhaineann le hIomain Cholmcille, le naisc neartaithe idir Gaeil istigh i náisiúin agus idir náisiúin, le cairdeas láidir déanta thar na blianta.

Tá úsáid na Gaeilge agus tógáil na muiníne á úsáid ag croílár gach rud a dhéanann Colmcille. Tugann sé deis agus áit do dhaoine óga a bhfuil spéis acu i spórt na nGael lena dteanga a úsáid i suíomh spraíúil neamhfhoirmiúil lán d’fhuinneamh agus spreagadh.

In Albain, oibríonn Iomain Cholmcille (Alba) le tacaíocht ó Bòrd na Gàidhlig le stádas Ghaeilge na hAlban a ardú sa chamánacht trí chomórtais óige agus imeachtaí pobail.

Féile na Gealaí

Aodh Mac Ruairí · May 15, 2020 ·

Bunaíodh Féile na Gealaí in 2016 agus ba í príomhaidhm lucht a heagraithe féile champála lán-Ghaelach a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge leis an cheol, an cultúr agus ealaíona uile na Gaeilge a chur chun cinn ar bhealach nuálach.

Lena chois sin bhí sé mar sprioc acu nasc a chruthú le grúpaí, daoine agus ealaíontóirí a a bhfuil Gaeilge na hAlban ar a dtoil acu agus atá sásta páirt a ghlacadh in imeachtaí na féile. Ar na healaíontóirí as Albain a ghlac páirt san fhéile go dtí seo tá leithéidí, Niteworks, Griogair Labhruidh, Sian, Trail West agus Whyte, gan ach dornán acu a lua. Cuireann lucht éisteachta na hÉireann an-spéis sa mheascán de cheol leictreonach agus de shean-nós atá ag leithéid Niteworks. Níl féile cheoil lán-Ghaelach in Albain go fóill, agus baineann lucht Ghaeilge na hAlban an-sult as Féile na Gealaí.

Continue Reading

Odaisé na nÓg go hOileán Leòdhais

Maolcholaim Scott · May 13, 2020 ·

Deirtear gur dúshlán é eispéireas saoil trí Ghaeilge a thabhairt do dhéagóirí, ach tá pobal Charn Tóchair i nDoire Theas díreach á dhéanamh sin don aos óg, agus mar chuid de sin eagraíonn siad odaisé bus is báid go hAlbain gach bliain.

Le tamall de bhlianta, tá bus caoga suíochán ag taisteal ó Dhún na nGall go Contae Dhoire, agus as sin, an bealach ar fad go hOileán Leòdhais. Bíonn an bus lán déagóirí agus daoine atá ag cuidiú leo, agus tugann siad a n-aghaidh ar Fhèis Eilean an Fhraoich, féile óige i Leòdhas, agus ar ógánaigh atá ar comhaois leo agus a labhraíonn Gaeilge na hAlban.

Bíonn an turas á eagrú ag Club Óige Lúraigh, ceann den líonra d’eagraíochtaí Gaeilge atá i ndiaidh teacht chun cinn i gceantar tuaithe Charn Tóchair i nDoire Theas. Tá an club i bpáirt leis an fhèis i Leòdhas, agus le Muintearas, eagraíocht óige Ghaeltachta in Éirinn, agus bíonn déagóirí ó cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Chonamara ar an bhus chomh maith le déagóirí Dhoire.

Bíonn ógánaigh na hÉireann páirteach i gceol agus in iomáint agus iad i Leòdhas, chomh maith le ranganna teanga, agus cuidíonn ceardlanna drámaíochta leo teacht isteach ar Ghaeilge na hAlban.

Kid on boat
Kids at Callinish Stones
Kids at Comhairle nan Eilean Siar

Deir Joe Ó Dochartaigh, oibrí óige ag Club Óige Lúraigh, go bhfuil an t-odaisé bliantúil seo ag croílár shaol an chlub. Fiú má tá siad san oideachas trí mheán na Gaeilge, mura bhfuil Gaeilge acu sa bhaile is féidir claonadh a bheith ag cuid de na déagóirí ligean le sruth an Bhéarla eatarthu féin. Ach tá toradh ar leith ar imeachtaí an chlub óige, agus an t-odaisé bliantúil go hOileán Leòdhais go háirithe. Nuair a chuireann na daoine óga dúthracht in ullmhúchán don fhèis agus don turas fhada anonn agus ar ais, roghnaíonn siad an Ghaeilge a labhairt eatarthu féin, gnás a mhaireann agus iad sa bhaile. Tá an t-odaisé go Leòdhas ag athrú shaol an phobail i nDoire Theas.

Cairdeas Úr

Toradh eile ar an odaisé an cairdeas; cairdeas úr idir muintir Leòdhais agus muintir Charn Tóchair, agus idir aos óg Charn Tóchair agus déagóirí na Gaeltachta in Éirinn. Tá cuireadh faighte ag ceoltóirí óga as Éirinn seinm ag féile mhór cheoil Leòdhais, HebCelt; tá teaghlaigh as Leòdhas i ndiaidh teacht ar cuairt go Contae Dhoire, agus tá fear óg a bhí ar an turas, Dubhaltach Mac Conmidhe, ag dul do chéim i nGaeilge na hAlban anois i nGlaschú.

  • « Go to Previous Page
  • Page 1
  • Interim pages omitted …
  • Page 6
  • Page 7
  • Page 8

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2026