• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Maoiniú bronnta le beocht a chur i gColm Cille ar fud Dhún na nGall agus Dhoire

Brian Ó hEadhra · May 17, 2021 ·

D’éirigh le ocht dtionscadal déag sna ceantair Chomhairle, Doire, an Srath Bán agus Dún na nGall a dhéanann ceiliúradh ar stair, ceol, drámaíocht, litríocht, ealaín agus béaloideas Cholm Cille, maoiniú a fháil a cuireadh ar fáil mar chuid de Scéim Deontais Pobail Cholmcille 1500, scéim a seoladh in Eanáir 2021.

Tá an scéim mar chuid de chieliúradh bliana Cholmcille 1500 a dhéanann comóradh ar 1500ú cuimhneachán bhreith Cholm Cille (a dtugtar Columba air chomh maith).

Aithnítear sa bhliain tábhacht agus oidhreacht an naoimh a mhair sa 6ú céad, chan amháin do Dhoire agus Dún na nGall ach d’Éirinn, Albain agus ar fud an domhain. Mairfidh an ceiliúradh bliana ó 7ú Nollaig 2020 go 7ú Nollaig 2021.

Fuarthas corradh le 70 iarratas don scéim deontais agus fuair na 18 iarratasóir ar éirigh leo deontais €2,000 nó £1,800 mar chuid den 1500ú ceiliúradh atá ar siúl le linn 2021.

Agus í ag cur fáilte roimh bhronnadh an deontais, dúirt Deirdre Harte, Bainisteoir Tionscadail Cholmcille 1500 go gcuirfidh na hiarratasóirí rathúla beocht in oidhreacht Cholm Cille trí théamaí éagsúla lena n-áirítear stair, ceol, drámaíocht, litríocht, ealaín, seandálaíocht, spioradáltacht, scéalaíocht agus béaloideas.

“Tá lúcháir orainn gur bhronn muid maoiniú a fhágann go dtig linn an saibhreas buanna agus cruthaitheachta inár bpobail áitiúla a thaispeáint. Is deis iontach é le ligean do mhuintir na háite páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus le cuidiú linn Colm Cille a chur i láthair réimse de lucht éisteachta, idir óg agus aosta, ar dhóigheanna éagsúla mar shampla trí cheolchoirmeacha, gearrscannáin, conairí fíorúla, féile shiúil, ceardlanna filíochta, suiteálacha ealaíne, saothair úra cheoil agus clár d’ambasadóirí.”

Tá an tionscadal á eagrú ag Comhairle Ceantair Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin agus Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le chéile le tacaíocht ó pháirtithe ríthabhachtacha lena n-airítear Ciste Forbartha an Iarthuaiscirt, i gcomhar leis an Oifig Feidhmiúcháin agus Rialtas na hÉireann agus le tacaíocht uathu.

Sa chlár don bhliain tá réimse de thionscadail, imeachtaí agus gníomhaíochtaí lena n-áirítear an scéim deontais pobail agus tá sé á sheachadadh i gcomhpháirt le réimse d’eagraíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

I measc na naoi dtionscadal Dhún na nGall ar éirigh leo tá roinnt mhaith a bheas ann i gceantar Ghartáin an áit ar rugadh Colm Cille. Léireoidh Cumann Ceol Aireagail Dhún na nGall saothar speisialta ‘Mobhi’s Belt’ bunaithe ar scéal an-tráthúil thionchar suntasach paindéime ar shaol Cholm Cille mar mhanach. Cruthóidh an déantóir scannán, Brenda Kelly, gearrscannán úr ‘Colmcille’s Childhood in Gartan’, ina dtaispeántar cuid mhór de na suíomhanna áitiúla inar fhás an naomh aníos agus tabharfaidh Cór Soiscéalach Cholmcille le chéile amhránaithe ó ghlúnta agus ceantair éagsúla le ceoltóirí agus ealaíontóirí clúiteacha le ceol mar cheiliúradh ar Cholmcille 1500 i nGartán agus i nGleann Cholm Cille.

Fuair Oideas Gael maoiniú le béaloideas a bhailiú agus le léarscáil dhigiteach idirghníomhach a dhéanamh ina léirítear an gréasán saibhir de mhion-logainmneacha a bhaineann leis an naomh i nGleann Cholm Cille – leithéidí ainmneacha páirceanna agus gnéithe de dhéantús an duine.

In Explore Inishowen tabharfar Féile Shiúil Cholm Cille lena léiriú cá háit ar shiúil sé in Inis Eoghain agus beidh siúlóidí ann dírithe ar áiteanna inspéise mar Phort Cille ónar fhág Colm Clle le dul go hAlbain. Agus i bhFánaid, coimisiúnóidh Paróiste Chluain Dhabhaodóg íocón agus foilseoidh siad bróisiúr ina ndéantar na príomhshíomhanna a léarscáiliú agus a dtreoraítear daoine chuig an chaibidil fholaithe (‘Guth Colmcille’) de shaol an naoimh, a sheal i bhFánaid.

Fuair Grúpa Oidhreachta Disert maoiniú fosta le tochailt seandálaíochta a dhéanamh ag an tsuíomh eaglaise luath-mheánaoiseach, an reilig agus an tobar naofa a tiomnaíodh do Cholm Cille a chuideoidh le plé náisiúnta agus idirnáisiúnta ar nádúr na luath-Eaglaise agus obair Cholm Cille. Cuirfidh Teach na nAmhrán imeachtaí litearthachta ar fáil ar líne á stiúradh ag filí Éireannacha agus fili Albanacha a bhfuil duaiseanna bainte acu agus léireoidh Beltaine Productions gearrscannán ‘Colmcille, Myths, Legends and Truths’ a dhéanann iniúchadh ar an tírdhreach agus ar chultúr Dhún na nGall in aimsir an naoimh. An Dr Brian Lacey, duine de na saineolaithe is mó in Éirinn ar Cholm Cille a chuirfeas i láthair é.

Tá tuilleadh sonraí faoi na gníomhaíochtaí atá pleanáilte do Cholmcille 1500 le fáil www.colmcille1500.com

Uncategorized @ga

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2026