• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Brian Ó hEadhra

£88k bronnta ar thionscadail Cholmcille

Brian Ó hEadhra · May 3, 2022 ·

Tá áthas ar Bhòrd na Gàidhlig (BnG) a fhógairt go bhfuil siad ag tabhairt maoiniú ar luach £88,000 do thionscadail in Albain, agus do thriúr a bheas ag foghlaim Gaeilge na hÉireann trína scéim maoinithe Colmcille.

Comhpháirtíocht is ea Colmcille idir Foras na Gaeilge in Éirinn agusBòrd na Gàidhlig in Albain. Cothaíonn sé cumarsáid agus comhoibriú idir pobail Ghaeilge na hÉireann agus pobail Ghaeilge an hAlban.

I 2022 leanfaimid den chomóradh Colmcille 1500 le himeachtaí agus tionscadail speisialta.

Tá maoiniú ar fáil do thionscadail a thabharfaidh cainteoirí Ghaeige na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban le chéile, agus fosta do cainteoirí Gaidhlig atá ag iarraidh tabhairt faoi chúrsa i nGaeigle na hÉireann.

I mbliana táimid ag tabhairt tacaíocht do thriúr a bheas ag tabhairt faoi chúsaí i nGaeilge na hÉireann agus do 10 dtionscadal ar leith a a bhfuil aidhm acu na ceangail idir Éire agus Albain a neartú. Tá i measc na dtionscadal seo, Ceangal 2022 ag Urras Coimhearsnachd Bhràdhagair agus Àrnoil (UCBA) ann an Leòdhas. Mar pháirt dá dtionscadal is mian leo dul i dteagmháil le tionsacadail phobail, fiontair shóisialta, eagraíocchtaí deonacha agus páirtithe i gCorca Dhuibhne agus ar an Daingean le heolas a chur ar chultúr, ghnásanna agus ar shaol a chéile.

Dúirt Murdo Morrison, Oififgeach pobail ag UCBA: Tá áthas orainn, agus táimid buíochas as an tacaíocht seo ag le nascanna a thógáil go hidirnáisiúnta idir ár bpobal féin in Iarthar Leòdhais agus muintir Chiarraí. Sa tionscadal seo beimid ag iarraidh nascanna pobail teanga, cultúir oideachas agus nascanna eile a thógáil.”

Tabharfar maoiniú do dheich dtionscadal de chúrla éagsúil ar fud na tíre. Ina measc, tá Éiceamhúsaem Ceilteach san Eilean Sgitheanach, tionscadal filíochta i nDún Éideann, iomáin don óige, agus tionscadal turasóireachta sna Garbhchríocha.

Dúirt Brian Ó hEadhra, Bainistíocht Maoiniú agus Compháirtíocht, Bòrd na Gàidhlig Cuireann sé lúcháir orainn tacú leis na grúpaí seo agus iead ag tógáil nascanna lenár gcairde in Éirinn. Tá scéim maoinithe Cholmcille ar obair le hachar maith de bhlianta, agus is údar misnigh iarratais a fheiceáil gach bliain ó chainteoirí Gaeilge atá i bhfach ní amháin le Gaeigle na hÉireann a fhoghlaim, ach fosta le nascanna teanga a neartú.

Bhí an scéim oscailte ar feadh 13 seachtaine idir an 11 Samhain 2021 agus an 10 Feabhra 2022. Tá dhá spriocdháta ag scéim Fhoras an Gaeilge,  agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Is féidir liosta iomlán de na hiarratais rathúla a fháil anseo.

‘Colm’ – turas oileánda le Naomh Colmcille

Brian Ó hEadhra · February 17, 2022 ·

https://www.nts.org.uk/stories/colm-an-island-journey-with-st-columba

1500 bliain ó rugadh Colmcille, tá Fiona, cartlannaí Theach Channaidh at tarraing as cartlann Channaidh, le súil a thabhairt ar na dóigheanna a nascann Colmcille Eielan Channaidh, Eilean Leòdhais agus oileáin Ghaeltachta na hÉireann. Le tacaíocht ó Bhòrd na Gàidhlig (Colmcille) agus Urras Nàiseanta na h-Alba.

Sainchomhartha an Òbain ar lasadh le fallaing den iomad dath

Brian Ó hEadhra · June 9, 2021 ·

Sainchomhartha is ea Túr McCaig os cionn bhaile turasóireachta an Òbain in Earra-Ghàidheal agus beidh sé ar lasadh ar an 9 Meitheamh 2021 le saothar ealaíne ag naoi n-ealaíontóir.

Fuair gach ealaíontóir maoiniú ó Dhuais Dìleab Cholmcille scéím a bhunaigh Bòrd na Gàidhlig agus Seanadh Cultar, Dualchas is Ealain, Earra-Ghàidheal is nan Eilean (CHARTS) le beatha agus oidhreacht Cholmcille a chomóradh mar pháirt den bhliain chomórtha Colmcille 1500.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Alleluia Naomh Calum Cille (Columba)

Brian Ó hEadhra · May 25, 2021 ·

Clár teilifíse ag BBC ag comóradh Colmcille. Le fáil ar BBC iPlayer.

I measc na n-amhránaithe, beidh Màiri Anna NicUalraig agus Eadar-Thìr á cheol aici; beidh O Calum Cille á cheol ag Eilidh NicCormaig agus beidh Iain Iòsaef MacNèill ag ceol Earal Eòdhnain. Beidh an t-Urr Dòmhnall Mìcheal MacAonghuis agus an Canónach Seumas MacNèill ár dtreorú trí léamha agus machnaimh ó na scrioptúir.

I measc na n-amhránaithe, beidh Màiri Anna NicUalraig agus Eadar-Thìr á cheol aici,. Beidh O Calum Cille á cheol aig Eilidh Cormac agus beidh John Joe MacNèill ag ceol Earal Eòdhnain. Beidh an t-Urr Dòmhnall Micheal MacAonghuis agus an Canonach Seumas MacNèill ár dtreorú trí léamha agus machnaimh ó na scrioptúir. 

Maoiniú bronnta le beocht a chur i gColm Cille ar fud Dhún na nGall agus Dhoire

Brian Ó hEadhra · May 17, 2021 ·

D’éirigh le ocht dtionscadal déag sna ceantair Chomhairle, Doire, an Srath Bán agus Dún na nGall a dhéanann ceiliúradh ar stair, ceol, drámaíocht, litríocht, ealaín agus béaloideas Cholm Cille, maoiniú a fháil a cuireadh ar fáil mar chuid de Scéim Deontais Pobail Cholmcille 1500, scéim a seoladh in Eanáir 2021.

Tá an scéim mar chuid de chieliúradh bliana Cholmcille 1500 a dhéanann comóradh ar 1500ú cuimhneachán bhreith Cholm Cille (a dtugtar Columba air chomh maith).

Aithnítear sa bhliain tábhacht agus oidhreacht an naoimh a mhair sa 6ú céad, chan amháin do Dhoire agus Dún na nGall ach d’Éirinn, Albain agus ar fud an domhain. Mairfidh an ceiliúradh bliana ó 7ú Nollaig 2020 go 7ú Nollaig 2021.

Fuarthas corradh le 70 iarratas don scéim deontais agus fuair na 18 iarratasóir ar éirigh leo deontais €2,000 nó £1,800 mar chuid den 1500ú ceiliúradh atá ar siúl le linn 2021.

Agus í ag cur fáilte roimh bhronnadh an deontais, dúirt Deirdre Harte, Bainisteoir Tionscadail Cholmcille 1500 go gcuirfidh na hiarratasóirí rathúla beocht in oidhreacht Cholm Cille trí théamaí éagsúla lena n-áirítear stair, ceol, drámaíocht, litríocht, ealaín, seandálaíocht, spioradáltacht, scéalaíocht agus béaloideas.

“Tá lúcháir orainn gur bhronn muid maoiniú a fhágann go dtig linn an saibhreas buanna agus cruthaitheachta inár bpobail áitiúla a thaispeáint. Is deis iontach é le ligean do mhuintir na háite páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus le cuidiú linn Colm Cille a chur i láthair réimse de lucht éisteachta, idir óg agus aosta, ar dhóigheanna éagsúla mar shampla trí cheolchoirmeacha, gearrscannáin, conairí fíorúla, féile shiúil, ceardlanna filíochta, suiteálacha ealaíne, saothair úra cheoil agus clár d’ambasadóirí.”

Tá an tionscadal á eagrú ag Comhairle Ceantair Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin agus Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le chéile le tacaíocht ó pháirtithe ríthabhachtacha lena n-airítear Ciste Forbartha an Iarthuaiscirt, i gcomhar leis an Oifig Feidhmiúcháin agus Rialtas na hÉireann agus le tacaíocht uathu.

Sa chlár don bhliain tá réimse de thionscadail, imeachtaí agus gníomhaíochtaí lena n-áirítear an scéim deontais pobail agus tá sé á sheachadadh i gcomhpháirt le réimse d’eagraíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

I measc na naoi dtionscadal Dhún na nGall ar éirigh leo tá roinnt mhaith a bheas ann i gceantar Ghartáin an áit ar rugadh Colm Cille. Léireoidh Cumann Ceol Aireagail Dhún na nGall saothar speisialta ‘Mobhi’s Belt’ bunaithe ar scéal an-tráthúil thionchar suntasach paindéime ar shaol Cholm Cille mar mhanach. Cruthóidh an déantóir scannán, Brenda Kelly, gearrscannán úr ‘Colmcille’s Childhood in Gartan’, ina dtaispeántar cuid mhór de na suíomhanna áitiúla inar fhás an naomh aníos agus tabharfaidh Cór Soiscéalach Cholmcille le chéile amhránaithe ó ghlúnta agus ceantair éagsúla le ceoltóirí agus ealaíontóirí clúiteacha le ceol mar cheiliúradh ar Cholmcille 1500 i nGartán agus i nGleann Cholm Cille.

Fuair Oideas Gael maoiniú le béaloideas a bhailiú agus le léarscáil dhigiteach idirghníomhach a dhéanamh ina léirítear an gréasán saibhir de mhion-logainmneacha a bhaineann leis an naomh i nGleann Cholm Cille – leithéidí ainmneacha páirceanna agus gnéithe de dhéantús an duine.

In Explore Inishowen tabharfar Féile Shiúil Cholm Cille lena léiriú cá háit ar shiúil sé in Inis Eoghain agus beidh siúlóidí ann dírithe ar áiteanna inspéise mar Phort Cille ónar fhág Colm Clle le dul go hAlbain. Agus i bhFánaid, coimisiúnóidh Paróiste Chluain Dhabhaodóg íocón agus foilseoidh siad bróisiúr ina ndéantar na príomhshíomhanna a léarscáiliú agus a dtreoraítear daoine chuig an chaibidil fholaithe (‘Guth Colmcille’) de shaol an naoimh, a sheal i bhFánaid.

Fuair Grúpa Oidhreachta Disert maoiniú fosta le tochailt seandálaíochta a dhéanamh ag an tsuíomh eaglaise luath-mheánaoiseach, an reilig agus an tobar naofa a tiomnaíodh do Cholm Cille a chuideoidh le plé náisiúnta agus idirnáisiúnta ar nádúr na luath-Eaglaise agus obair Cholm Cille. Cuirfidh Teach na nAmhrán imeachtaí litearthachta ar fáil ar líne á stiúradh ag filí Éireannacha agus fili Albanacha a bhfuil duaiseanna bainte acu agus léireoidh Beltaine Productions gearrscannán ‘Colmcille, Myths, Legends and Truths’ a dhéanann iniúchadh ar an tírdhreach agus ar chultúr Dhún na nGall in aimsir an naoimh. An Dr Brian Lacey, duine de na saineolaithe is mó in Éirinn ar Cholm Cille a chuirfeas i láthair é.

Tá tuilleadh sonraí faoi na gníomhaíochtaí atá pleanáilte do Cholmcille 1500 le fáil www.colmcille1500.com

  • Page 1
  • Page 2
  • Page 3
  • Page 4
  • Go to Next Page »

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2026