• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Brian Ó hEadhra

7 saothar nua ealaíne mar chuid de chomóradh 1500 bliain bhreith Cholm Cille

Brian Ó hEadhra · April 26, 2021 ·

Tá seacht saothar nua ealaíne coimisiúnaithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Tá na coimisiúin seo sna hamharc-ealaíona, sa cheol agus sa litríocht. Is cuid iad den chlár comórtha ilghnéitheach atá á eagrú ag an Acadamh chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhliain mhór chuimhneacháin Cholm Cille, a rugadh 1500 bliain ó shin i nGartán, i dTír Chonaill.

Is iad na healaíontóirí seo a leanas a chuirfidh na coimisiúin i gcrích:

• Timothy O’Neill, máistirchallagrafaí. Cruthóidh sé saothar ealaíne a dhéanfaidh ceiliúradh ar Cholm Cille mar pheannaire agus ar a thionchar ar thraidisiún na lámhscríbhinní.

• Róisín de Buitléar, a bhfuil duaiseanna bronnta ar a saothair ealaíne ghloine. Freagróidh a píosa dealbhadóireachta i ngloine do chreideamh Cholm Cille go bhfuil ‘trí mhodh éagsúla chun daoine a thabhairt chun creidimh’.

• Julie Fowlis, Éamon Doorley, Zoë Conway and John McIntyre, a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu mar cheoltóirí. Cumfaidh siad amhrán úr i gcomhar le chéile, le spreagadh samhlaíoch ó shaol agus ó shaothar Cholm Cille.

• Biddy Jenkinson, file agus drámadóir clúiteach Gaeilge. Tá dráma á scríobh aici dar teideal ‘Í’ ina ndéanfar machnamh ar Cholm Cille agus é idir dhá thine Bhealtaine nuair a bhí mórchinntí a shaoil le déanamh aige.

• Proinsias Mac a’ Bhaird, scríbhneoir bisiúil Gaeilge. Tá úrscéal á chumadh aige a shamhlaíonn óige Cholm Cille in Éirinn agus na cúinsí a thug air imeacht go hOileán Í.

• Sandaidh NicDhòmhnaill Jones, sárfhile Gàidhlig a bhfuil coróin reatha A’ Chomuinn Ghàidhealaich uirthi. Tá sí ag obair ar shraith dánta bunaithe ar shaoltaithí Cholm Cille agus ar thionchar a oidhreachta.

• Simon Ó Faoláin, file tréitheach Gaeilge. Tá sé ag cumadh sraith dánta bunaithe ar thréimhsí éagsúla i saol Cholm Cille agus ar thoisí ilghnéitheacha a oidhreachta.

Tá súil leis na saothair ealaíne thart ar lá fhéile Cholm Cille, an 9 Meitheamh, agus taispeánfar go poiblí níos déanaí sa bhliain iad. Tá sraith léachtaí poiblí ar ghnéithe d’oidhreacht Cholm Cille á heagrú ag Acadamh Ríoga na hÉireann freisin don fhómhar, le tacaíocht ón gcomhpháirtíocht Éireannach-Albanach Colmcille.net. Tá súil ag an Acadamh na léachtaí a chur ar fáil i bhfoirm podchraoltaí i ndiaidh na sraithe, maille le taispeántas digiteach.

Céilidh idir Éirinn agus Albain

Brian Ó hEadhra · April 20, 2021 ·

Beidh céilí idir Éirinn agus Albain beo ar Facebook Dé hAoine an 30 Aibreán 2021 ag 8pm. Beidh an céilí á óstáil ag Foras na Gaeilge Museum nan Eilean agus Pleanálaithe Teanga Dhún na nGall. Beidh amhráin, ceol agus scéalaíocht as Éirinn agus Albain i nGaeilge an dá thír.

Beidh an ócáid a chur i láthair ag Shona NicIllfhialain as Uibhist a Deas, Albain agus Aodán Ó Cearbhaill as Gaoth Dobhair , Éirinn.

Ar chuid de na haíonna a bheidh páirteach ar an oíche beidh Màrtainn Mac an t-Saoir, Linda NicLeòid, Lea MacLeòid agus Aileen Elder as Albain. Beidh Sinéad & Colm Breathnach, Ciarán Mac Feilimí, Conor Ó Gallachóir, Eithne Ní Ghallchobhair agus Niamh Ní Dhubhgáin as Éirinn.

Fáilte romhat an nasc thíos a leanstan le sult a bhaint as an chèilidh ar Facebook Cholmcille.

Suíomh nua do Cholmcille 1500

Brian Ó hEadhra · April 19, 2021 ·

Bliain stairiúil í seo – 1500 bliain ó rugadh Naomh Colm Cille.

Tá suíomh gréasáin úr forbartha ag Comhairle Chathair Doire agus Cheantar a tSratha Báin agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall d’imeachtaí in Éirinn do Cholmcille 1500.

Visit the website here.

Turas a’ Chalamain le Catríona Patience

Brian Ó hEadhra · February 1, 2021 ·

Is ealaíontóir ilmheáin ó Iarthar na hÉireann í Catríona Patience, atá anois ina cónaí agus ag obair in Albain. Déanann a healaín ceiliúradh ar an teagmháil a bhíonn aicí leis an domhain taobh amuigh trí ghrianghrafadóireacht, teicstílí agus péint. Le ceiliúradh a dhéanamh ar Colmcille 1500, chruthaigh Catríona trí shaothar elaíne úr a thaispeánann éin ón ngéineas Colmcille agus a úsáideann píosaí scannáin a bhí taifeadta ar Inchcolm; Iona an Oirthir. Seo an saothar deiridh a chur sí i láthair do CHARTS agus Bòrd na Gàidhlig i mí na Nollag 2020.

CAINTEOIRÍ NA DTEANGACHA GAELACHA AG TEACHT LE CHÉILE CHUN COLMCILLE 1500 A CHEILIÚRADH

Brian Ó hEadhra · December 7, 2020 ·

Dé Luain an 7 Nollaig 2020 cuirfear tús le Colmcille 1500, ceiliúradh cuimhneacháin ar feadh bliana ar 1500 ó rugadh Naomh Colm Cille agus ar a oidhreacht. Tosóidh agus críochnóidh an bhliain ar an 7 Nollaig, breithlá traidisiúnta an naoimh.

Tá Colmcille 1500 á urrú agus á éascú ag an gclár comhpháirtíochta Colmcille atá á reáchtáil ag Bòrd na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge, ag nascadh pobail Ghaeilge agus pobail Ghaeilge na hAlban.

Rinne pobail na mainistreacha a bhunaigh Colm Cille caidreamh trí na céadta le réimse leathan pobal in Éirinn agus in Albain agus i dtuaisceart Shasana, agus níos faide i gcéin, isteach i mór-roinn na hEorpa. Déanfaidh pobail agus eagraíochtaí ilghnéitheacha an bhliain a cheiliúradh ar a lán dóigheanna. Díreoidh cuid acu ar oidhreacht spioradálta agus reiligiúnach an naoimh; beidh spéis ag cuid acu i ngné na staire agus na seandálaíochta; agus déanfaidh cuid eile ceiliúradh ar na naisc theanga agus chultúrtha idir na Gaeil ar fud na cruinne.

Beidh Bòrd na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge ag díriú ar na naisc theangeolaíochta agus chultúrtha idir náisiúin, le réimse leathan imeachtaí pleanáilte do sheachtain na lainseála, lena n-áirítear:

  • Comhroinnfear sraith de theachtaireachtaí físeáin ó dhaoine aonair, grúpaí agus eagraíochtaí ag ceiliúradh Cholmcille 1500, ar leathanach Facebook Cholmcille agus ar www.colmcille.net.
  • Beidh céilí ar líne ar siúl ar leathanach Facebook Cholmcille leis an dá theanga, ceol agus cultúr a cheiliúradh agus a thaispeáint.
  • Lainseálfaidh Bòrd na Gàidhlig a gciste Cholmcille. Is ciste bliantúil é seo atá oscailte do chách agus a thacaíonn le tionscadail a fhéachann le naisc a neartú idir cainteoirí Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann in Albain agus in Éirinn.

Arsa Shona NicIllInnein, Príomhfheidhmeannach Bòrd na Gàidhlig, “Mhúnlaigh Naomh Colm Cille agus a oidhreacht teanga, cultúr agus stair na hAlban agus na hÉireann agus, mar sin, is deis í an bhliain na naisc idir an dá thír a neartú.  Táimid ag súil le níos mó imeachtaí tríd an mbliain, le mórócáid beartaithe timpeall ar Fhéile Naomh Colmcille ar an 9 Meitheamh 2021.  Molaim do gach duine páirt a ghlacadh iontu seo agus ceiliúradh bealach ar bith is féidir leo.”

I measc na n-imeachtaí beartaithe do bhliain Cholmcille 1500 tá na nithe seo a leanas:

  • Cruthóidh Seóthaispeántas Alban (Showcase Scotland) físeán gairid bolscaireachta faoi Ghaeilge na hAlban in Albain, le maoiniú ó Bòrd na Gàidhlig.  Beidh sé seo dírithe ar thionscnóirí féilte agus imeachtaí cultúrtha ón iasacht.  Beidh fáiltiú agus cur i láthair ar líne ann chomh maith (cosúil le Seóthaispeántas beo Ghaeilge na hAlban a bhíodh ann blianta roimhe seo).
  • Spreagfaidh Bòrd na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge Gaelscoileanna nascadh trí thionscadail ó dhá thaobh Shruth na Maoile.
  • Tá Bòrd na Gàidhlig i mbun caibidle le comhpháirtithe soláthair le hacmhainn nua ar líne a chruthú do scoileanna a mhúinfidh bun-nathanna i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge le go mbeidh páistí (agus daoine fásta) in ann nascadh le chéile sa teanga.
  • I rith na bliana, déanfaidh CHARTS, an eagraíocht a phléann le cultúr & oidhreacht na hAlban, atá lonnaithe in Earra-Ghàidheal, buaiteoirí a scéime míosúla dámhachtana ealaíon agus taispeántas ar líne a fhógairt, le haird a tharraingt ar ealaíontóirí Gaelacha agus le tacú leo. Beidh seo ag teacht le téamaí a bhaineann le Colm Cille: https://www.chartsargyllandisles.org/.

Arsa Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Leis an oiread sin béime ar fud na cruinne ar na rudaí a scarann muid, bheir an ceiliúradh ar oidhreacht Cholmcille in 2021 deis dúinn, deis a bhfuil fáilte roimpi, ceiliúradh a dhéanamh ar naisc chomónta theangeolaíochta agus chultúrtha idir Éire agus Albain, agus Éire thuaidh agus theas. Mar gheall ar an chuimhneachán atá beartaithe do 2021 beidh muid ábalta fosta lorg Cholm Cille a leanúint agus a oidhreacht theangeolaíochta agus chultúrtha a cheiliúradh níos faide i gcéin ná na hoileáin seo.

“Tá mé ag súil le comhpháirtíochtaí úra idir scoileanna, le teagmhálacha úra idir gach glúin, le heolas nua a theacht chun solais fá oidhreacht Cholm Cille, agus le hoidhreacht sin na hathbheochana breise i bpobail áitiúla a úsáid.”

Chomh maith leis na scéimeanna bliantúla a chothaíonn naisc idir an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban, tá súil ag Foras na Gaeilge clár nua maoinithe a fhógairt go luath le feasacht a ardú ar Cholm Cille agus a ndearna sé ar mhaithe le naisc theangeolaíochta agus chultúrtha idir Éire agus Albain.

Eolas d’eagarthóirí:

Bhunaigh Colm Cille (Columba an leagan Laidine) mainistir Oileán Í, agus mainistreacha i nDoire, i nDarú in Uíbh Fhailí agus i Lindisfarne i dtuaisceart Shasana, cuid de theaghlach de phobail mainistreacha. Is féidir a n-oidhreacht a fheiceáil sna nithe seo a leanas:

  • Buntús na scríbhneoireachta agus na litearthachta, lena n-áirítear an lámhscríbhinn is sine in Éirinn, an Cathach
  • Na taifid scríofa is luaithe, na hannála, agus mar sin tús na staire taifeadta in Éirinn agus in Albain
  • Mórshaothair ealaíne reiligiúnaí, is é sin na soiscéil mhaisithe, Leabhair Cheanannais, Leabhar Lindisfarne agus Leabhar Dharú
  • Na chéad ardchrosa fáinneacha, atá ina siombail anois d’Éirinn agus den Chríostaíocht Cheilteach
  • Nuálaíocht sa taidhleoireacht, lena n-áirítear Cáin Adhamhnáin 697AD, macasamhail luath de Choinbhinsiún na Ginéive, a thug cosaint do mhná agus leanaí in am cogaidh agus a ndearna ríthe agus cléirigh ó Éirinn, Albain agus tuaisceart Shasana a dhaingniú.

Tabhair cuairt ar www.colmcille.net le haghaidh sonraí imeachtaí.

Bí linn ar na meáin shóisialta trí na haischlibeanna #Colmcille1500 agus #Colmcille agus déan nasc le pobal ilghnéitheach Cholmcille ar líne. Lean sinn ar Instagram @Colmcille agus tabhair ordóg do @Colmcille1500 chun an scéal is déanaí a fháil ar ár nuacht go léir.

  • « Go to Previous Page
  • Page 1
  • Page 2
  • Page 3
  • Page 4
  • Go to Next Page »

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2026