Scéim sparánachta bheag, ag leibhéal náisiúnta, is ea Duais Oidhreacht Cholmcille. Is iad Bòrd na Gàidhlig agus Tionól Cultúir Oidhreachta agus Ealaíon Earra-Ghàidheal agus na nOileán (The Culture Heritage and Arts Assembly, Argyll and the Isles nó ‘CHARTS’) a chruthaigh an scéim le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar oidhreacht Cholmcille ar feadh na bliana cuimhneacháin, Colmcille 1500.
Tairgíonn an tionscadal sparánachtaí ealaíne ar bhonn míosúil, le cois taispeántas ar líne. Cabhraíonn an tacaíocht seo le healaíontóirí Gaeilge atá ag obair ar théama a bhaineann le Colmcille. Is tionscadal digiteach é seo a riarann ar na dúshláin a bhaineann le scaradh sóisialta de bharr Covid-19, agus Colmcille 1500 á sheoladh. Tá tuilleadh eolais ar Cholmcille 1500 ag https://colmcille.net/.
Tá na sparánachtaí leagtha amach le tacú le saothar a thugann ról Cholmcille san am a chuaigh thart agus i sochaí an lae inniu chun cuimhne. Tá aidhm acu tacú le saothar éagsúil thar na meáin ealaíne, agus tá cuireadh ar ealaíontóirí moltaí a chur isteach a chuireann le forbairt saothair úr nasctha le saol agus oidhreacht Cholmcille.
Déanfaidh an tionscadal ceiliúradh ar ealaíona agus cultúr na Gàidhlig trí leas a bhaint as réimse de mheáin ealaíne ar féidir iad a thaispeáint le héifeacht i gcomhthéacs na meán leictreonach ar líne.
Is ceart d’iarratasóirí a thabhairt dá n-aire go bhfuil dhá chineál sparánachta ar fáil:
- Suas le 18 sparánacht ealaíne a chuirfear ar fáil d’ealaíontóirí atá ina gcónaí in Albain.
- Sparánacht oidhreachta amháin a chuirfear ar fáil d’ealaíontóir/í a chónaíonn in Earra-Ghàidheal agus Bòid amháin.
Tá aidhm againn, ag gach céim roghnaithe, ar a laghad sparánacht amháin a thairiscint do dhuine óg idir 16-26 bliana.
Spriocdháta le haghaidh iarratas
Duais Oidhreachta – 31 Iúil 2020
Duaiseanna Ealaíne – is clár leanúnach é seo a leanann go 2021. Is féidir gur isteach ag am ar bith. Bronnfar suas go 18 nduais san iomlán.
Tá sonraí iomlána ar shuíomh gréasáin CHARTS anseo.
Duais Oidhreachta Cholmcille/ Colmcille Legacy Award – Catrìona Patience
Seo an t-ealaíontóir Catrìona Patience a fuair maoiniú le haghaidh tionscadal nua-ealaíne trí Dhuais Oidhreachta Cholmcille ag CHARTS (maoinithe ag Bòrd na Gàidhlig)


