Bunaíodh Féile na Gealaí in 2016 agus ba í príomhaidhm lucht a heagraithe féile champála lán-Ghaelach a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge leis an cheol, an cultúr agus ealaíona uile na Gaeilge a chur chun cinn ar bhealach nuálach.
Lena chois sin bhí sé mar sprioc acu nasc a chruthú le grúpaí, daoine agus ealaíontóirí a a bhfuil Gaeilge na hAlban ar a dtoil acu agus atá sásta páirt a ghlacadh in imeachtaí na féile. Ar na healaíontóirí as Albain a ghlac páirt san fhéile go dtí seo tá leithéidí, Niteworks, Griogair Labhruidh, Sian, Trail West agus Whyte, gan ach dornán acu a lua. Cuireann lucht éisteachta na hÉireann an-spéis sa mheascán de cheol leictreonach agus de shean-nós atá ag leithéid Niteworks. Níl féile cheoil lán-Ghaelach in Albain go fóill, agus baineann lucht Ghaeilge na hAlban an-sult as Féile na Gealaí.
Bíonn an fhéile ar súil thar thréimhse trí lá i mí Meithimh. Tá láthair champála lonnaithe go sonrach ar an tsuíomh le haghaidh tuismitheoirí le páistí óga agus cuirtear réimse leathan d’imeachtaí ar siúl chun freastal ar an aoisghrúpa sin. Is í Féile na Gealaí an t-aon fhéile champála lán-Ghaelach atá ar siúl in Éirinn faoi láthair.
Ó thaobh ábhar na féile de, tá sé go príomha dírithe ar cheol comhaimseartha na hÉireann agus na hAlban. Ar chlár na féile chomh maith bíonn filíocht, ióga, damhsa, ceardlanna teanga I nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban agus ceardlanna amhránaíochta i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban.
Gradaim a Bhuaigh
Tá clú agus fás ag teacht ar an fhéile seo ó bhliain go bliain agus d’éirigh leis an fhéile gradam Fhéile na Bliana a thabhairt léi in 2017 agus 2018. Is é seo an gradam a bhronnann an iris chultúir Nós achan bhliain bunaithe ar vóta poiblí.
Is eiseamláir í an fhéile seo den dea-obair atá ar siúl chun comhpháirtíocht a chothú le lucht labhartha Ghaeilge na hAlban agus chun stáitse a chur ar fáil don cheol chomhaimseartha i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban.


