• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Aodh Mac Ruairí

Scéimeanna Cholmcille Foscailte

Aodh Mac Ruairí · March 15, 2022 ·

Scéim Sparánachta Cholmcille

Scéim Miondeontas Cholmcille

Scéim Deontas Cholmcille

Seanchas Cholmcille le Gearóidín Breathnach

Aodh Mac Ruairí · October 22, 2021 ·

Seanchas Cholmcille le Gearóidín Breathnach

Tá áit ar leith ag Colmcille i mbéaloideas na hÉireann agus na hAlban. Dá bharr sin, d’iarr Foras na Gaeilge ar an scéalaí iomráiteach Gearóidín Breathnach agus ar LIGID Léiriúcháin sraith d’fhíseáin ghairide a dhéanamh, Seanchas Cholmcille, mar pháirt de Cholmcille 1500. I ngach físeán tugann Gearóidín Breathnach cuairt ar áit i dTír Chonaill atá luaite leis an naomh, agus insíonn sí scéal agus seanchas faoi. Tá sé fhíseán ar fad ann:

  1. Breith Cholmcille & Brionglóidí Eithne
  2. Tobar Eithne, An Tearmann & Áit Bhreithe Cholmcille
  3. Mar a fuair Colmcille a ainm
  4. Cros Ráithe & An Chros Mhór
  5. Turas & Tobar Cholmcille
  6. Abhainn na Leanainne

Tá fotheidil ar fáil do na físeáin i nGaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus i mBéarla, agus is féidir amharc orthu gan fotheidil.

De theaghlach clúiteach seanchaithe as Rann na Feirste in iarthar Thír Chonaill Gearóidín. Tá Corn Uí Riada, an comórtas is mó don amhránaíocht ar an tsean-nós ag Oireachtas na Gaeilge buaite aici faoi dhó, chomh maith leis an duais is mó don scéalaíocht. Tá an duais sin ainmnithe i ndiaidh a hathar Neidí Frainc Mac Grianna a spreag a grá don scéalaíocht an chéad lá riamh. Tá blianta caite ag Gearóidín ag cothú traidisiún na scéalaíochta agus na hamhránaíochta i measc daoine óga, agus tá áit mhór aici i gceol agus i scéalaíocht dhúchasach Thír Chonaill.

Gearóidín Breathnach

Mar cheol aitheantais leis an tsraith, tá píosa as an amhrán Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn, á cheol ag amhránaí eile as Rann na Feirste, Aodh Mac Ruairí. Tá comhairle Cholmcille sa véarsa seo, agus is féidir an t-iomlán a chluinstin ag tús físeán a haon:

Is é ‘dúirt Colm  Cille linn go hIfreann nach dtéid fial

Lucht an tsaibhris go gceileann siad a bpáirt mhór le Dia

’S nach mór an tubaiste d’aon duine a ndearnadh riamh

‘Oiread a chruinniú is a choinneodh as Parthas é.

Aistriúchan

Colmcille said that the generous do not go to Hell.

The rich deny their affinity with God

What a catastrophe for any one ever made

To gather as much as would keep him from Paradise.

    Seachtain Oidhreachta Náisiúnta

    Aodh Mac Ruairí · August 12, 2021 ·

    Sraith de naoi gcinn de léachtaí ar líne de chuid ‘Colmcille 1500’, á reáchtáil ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall, leis na haoichainteoirí an Dr. Brian Lacey, Christy Gillespie, Donal Mac Polin, Tim Stampton, Paula de Fougerolles agus Joe Brennan. Tá na léachtaí seo ar fáil saor in aisce, ar líne, ar chainéal Youtube Comhairle Contae Dhún na nGall: https://www.youtube.com/user/wwwdonegalcocoie/videos Tuileadh eolais: www.donegallibrary.ie

    Tuilleadh eolais ag: www.donegallibrary.ie

    Meitheal Cholmcille

    Aodh Mac Ruairí · July 23, 2021 ·

    MEITHEAL CHOLMCILLE – 8 LÚNASA 2021

    Beidh an t-ealaíontóir Cathal Mac Fhionnghaile as Inis Bó Finne, ag stiúradh meitheal ealaíne istigh ar Oileán Dúiche mar chuid de bhliain chomórtha Cholmcille, ‘Colmcille 1500’. Beidh béim ar an cheangal a bhí idir Naomh Colmcille & Naomh Dubhthach agus an béaloideas atá bainteach leo. Beidh Cathal ag campáil ar feadh seachtaine ar an oileán agus ag péinteáil le linn an ama sin. Ar an 30 Iúil rachaidh páistí ó chlub óige Mhachaire Rabhartaigh chun an oileáin, chun tabhairt faoin tionscadal ealaíne chomh maith i gcomhar le Cathal.

    Ar an 8 Lúnasa beidh taispeántas ealaíne de chuid na bpáistí agus de chuid Chathail. Beidh siúlóíd threoraithe agus turas bád thart ar Inis Bó Finne chomh maith le ceol, scéalta agus sólaistí.

    Féile an Earagail 23 Iúil ‘Cosán Choilm Cille’

    Aodh Mac Ruairí · July 2, 2021 ·

    Cosán Choilm Cille ‘Art and Poetry Walk

    Féile an Earagail

    Is féile samhraidh ildisciplíneach é Féile an Earagail a bhíonn ar siúl go traidisiúnta i mí Iúil ar fud Chondae Dhún na nGall ar shlí an Atlantaigh Fhíain ar chósta thiar-thuaidh na hÉireann.

    Mar chuid d’imeachtaí féile na bliana seo tá ‘Cosán Choilm Cille – Siúlóid Ealaíne agus Filíochta’ Léiriúchán de chuid ‘Na Baird Nua-Aoiseacha’ faoi stiúir Eoghan Mac Giolla Bhríde.

    Tar ar shiúlóid ghairid le healaíontóirí as Éirinn agus Albain go barr Chnoc na Naomh. Ar an bhealach feicfidh tú a gcuid ealaíne agus cluinfidh tú a gcuid filíochta agus scéalta. Tá a saothar spreagtha ag an bhéaloideas agus an mhiotas atá luaite le Naomh Cholmcille. Is deis é seo idirghníomhú le healaín agus le filíocht in atmaisféar shuaimhneach faoin aer le radharcanna maorga thírdhreach Dhún na nGall ó Shléibhte Dhoire Bheatha go Toraigh.

    • Deora Cholmcille
    • Colmcille

    Obair ealaíne le Seán Ó Flaithearta, Kim Sharkey, Derek Robertson agus Norman Shaw. 

    Scríbhneoireacht nua-chumtha le Meg Bateman, Rody Gorman, Daireana Ní Chinnéide agus Eoghan Mac Giolla Bhríde.

    A commemorative booklet with the words and images will be given to all those who take part.

    Gach eolas ag: https://eaf.ie/events/cosan-choilm-cille/

       

      • Page 1
      • Page 2
      • Go to Next Page »

      Teagmháil

      Teagmháil

      Èirinn

      Foras na Gaeilge
      2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
      BT1 6ED
      028 9089 0970


      Alba

      Bòrd na Gàidhlig
      Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
      IV3 8NW
      +44 (0)1463 225454

      Labhair Linn

      Labhair Linn

      Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

      #colmcille #colmcille1500



      © Colmcille 2026