• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Scéal Ab Oileán Í

Vita Columbae

“De Locis Sanctis” le Naomh Adhamnán


Mar a thosaigh Colm Cille a dhéanamh léinn & tairngreacht faoina shaol

Íomhá le Clark Young

Agus is amhlaidh a bhí Colm Cille an uair sin cois srutha áirithe, agus d’ith sé cuid den bhuilín ar an taoibh thiar den tsruth agus an chuid eile ar an taoibh thoir den tsruth chéanna. Is ansin a labhair an duine naofa seo trí bharr eagna agus fáidheadóireachta, agus dúirt, ‘Is amhlaidh a bheas fearann an mhic sin ar gach taoibh den uisce. Is é sin den fharraige: cuid de in Éirinn agus cuid eile in Albain. Caithfidh sé féin cuid dá aimsir in ngach áit díobh sin.’ Agus fíoradh sin amhail a dhearbhóchas an Bheatha amach anseo.

Ó Ghaeilge chlasaiceach Mhánais Uí Dhónaill in ‘Beatha Cholm Cille’ (1532)


Scéal Mhainistir Dhoire

Tá na céadta scéal againn faoi Cholmcille; insíonn siad cuid mhór faoin áit ar mhair an scéalaí, agus faoi na nithe a bhí tábhachtach ag an scéalaí agus ag a lucht éisteachta.

Betha Coluim Cille – beatha Mheán-Ghaeilge Cholmcille

Íomhá le freepik

Sa 11ú céad rinneadh insint úr i Mainistir Dhoire ar bheatha Cholmcille. Chuir an insint seo Doire agus a mhainistir ag lár scéal Cholmcille. Insíonn an scéal seo cuid mhór faoi Dhoire mar chathair eaglasta a bhí ag fás ag an am, agus tá tionchar aige go fóill ar an phictiúr atá againn de Cholmcille agus dá shaol in Éirinn.

Is é seo an dara ‘Beatha’ is sine de Cholmcille atá ar marthain, agus tá sé i gcruth seanmóra a bhí le tabhairt ar lá féile an naoimh, an 9ú Meitheamh. Scríobhadh í sa Mheán-Ghaeilge, agus sin mar a fuair sé a ainm, agus tá sé ionann is cinnte gur scríobhadh í i nDoire é idir 1150 agus 1180. Tá sé ar an leabhar is sine a scríobhadh i nDoire a bhfuil eolas againn air. Tá an téacs tógtha thart ar thuras ficseanach a rinne an naomh thart ar Éirinn agus ar chuir sé tús leis i nDoire. Sa scéal maíonn Colm Cille a ghrá do Dhoire le rannta leithéid:

Is aire charaim Doire Ar a réide, ar a gloine Ar is lomlán aingel finn Ón chinn co n-ice ar-oile

Seo an fáth a ngráim Doire Tá sí chomh réidh, chomh glan Óir is lomlán d’aingeal fionn é Ó cheann go ceann.

Bolscaireacht ar son Dhoire atá sa téacs, ach cuireann sé Colmcille i láthair mar naomhphátrún ag daoine a théann ar imirce. Cé go bhfuil sé ag plé leis an 6ú céad, is fearr an fhianaise a thugann sé ar chultas an naoimh sa 12ú céad.

Maireann an bheatha seo i seacht lámhscríbhinní de dhátaí éagsúla sa 15ú agus sa 16ú haois sna leabharlanna a leanas: Acadamh Ríoga na hÉireann, in Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath, i Leabharlann na Breataine. Sa Biblioteque Nationale, Páras, i Leabharlann Dhiúc Devonshire ag Chatsworth House, agus i Leabharlann Náisiúnta na hAlban, Dún Éideann, Cnuasach Lámhscríbhinní na nAbhcóidí. Ba é Cithruad Mag Findgaill ó Eilean Thoraí a scríobh an chóip i gceann de lámhscríbhínní Acadamh Ríoga na hÉirean. Scríobh sé é in 1513 nó 1514 do Mháire Ní Mháille, bean chéile Mhic Suibhne Fhánada.

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2026