Arna chur i láthair ag Earagail Arts Festival, Colmcille agus Eoghan Mac Giolla Bhríde… Baird Nua-Aoiseacha : Srutháin
Tar linn ar aistear mara ar churach na féile. Beidh Eoghan Mac Giolla Bhríde ar na rámhaí ag stiúradh an bhealaigh dúinn. Le chéile rachaidh muid ar thuras le filí agus ealaíontóirí ó cósta na hAlban agus na hÉireann. Inár gcuideachta thar na dtonnta beidh na filí Rona Dhòmhnallach, Máire Dinny Wren, Rody Gorman agus Gillebrìde MacIllemhaoil chomh maith leis an ealaíontóir Kim Sharkey. Ceiliúradh ilghnéitheach den fharraige agus den ealaíon atá i gcoiteann againn. Bígí linn ar líne ar an turas fileata farraige seo sa churach bheag.
Tugann Féile Ealaíon Earagail, príomhimeacht samhraidh Dhún na nGall, féile comhdhlúite ath-shamhlaithe de Srutháin (Sruthanna Beaga) duit, 9 go 26 Iúil, clár 18 lá de léirithe ar líne agus raidió, ealaíona idirghníomhacha, máistir-ranganna, agus amharclann pop-up.


