• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Trí Scéal Cholmcille

Colmcille agus an Bansclábhaí Óg

Íomhá le Roan Lavery

“Mura dtuga tú cead a coise di,” a dúirt Colmcille, “ní mhairfidh tú beo níos faide ná mar a bheas mise i dTír na gCruithneach.”

Ansin chuaigh Colmcille síos chun na habhann le pilleadh ‘na bhaile. Go gairid ina dhiaidh sin bhuail taom Broichean, agus rinneadh smionagar den ghloine dí ina láimh. Bhí saothar anála air agus bhí sé i mbéal an bháis. Chuir an rí dhá theachtaire i ndiaidh Cholmcille, ag rá go dtabharfadh Broichean cead a coise don sclábhaí, agus ag impí air cuidiú leis.

Nuair a tháinig siad ar Cholmcille thóg sé cloch bhán ón trá agus dúirt sé:

“Cuir an chloch seo in uisce agus tabhair ar Bhroichean é a ól.”

Rinne siad mar a d’iarr sé. B’iontach le cách gur fhan an chloch ar snámh ar bharr an uisce mar a bheadh úll ann. Ansin d’ól Broichean agus tháinig biseach air.

B’fhéidir go raibh rud nó dhó ar eolas ag Colmcille fá chloch shlíogairt – agus fán tsíceolaíocht!


Brionglóid Eithne

Ba bhean uasal óg Éireannach í Eithne. I ngeimhreadh na bliana 521 bhí sí ag iompar clainne lena céad leanbh, rún a bhí i dtaisce ina croí. As siocair gur bhean í nach raibh uirthi aon obair a dhéanamh bhíodh sí ina suí cois teallaigh, ag fuáil nó ag fí de réir mar ba mhian léi.

Íomhá le Kristine Cinate

Oíche amháin thit Eithne ina codladh agus bhí brionglóid aici ina bhfaca sí seál álainn olla a raibh boladh olla uain agus bainne mhilis air. Mhothaigh sé chomh bog te le canach feochadáin ar a grua.

Ba iad fillte an chlóca an machaire glas, é breac le dathanna na seimre, luibh an treacha agus an nóinín. Shíob an ghaoth an seála agus d’fhéach sí lena tharraingt níos gaire di, ach bhí sé ag sleamhnú níos faide ar shiúl! D’oscail sé sa ghaoth agus d’eitil leis uaithi thar na cnoic agus leoga trasna na farraige.

Mhúscail Eithne de phreab, mearbhall uirthi agus í scriosta croíbhriste.

Bhí a fhios aici láithreach bonn teachtaireacht na brionglóide. Cruachás gach máthar.

Bhéarfaí a céadmhac uaithi go fáilí trí fhriotháladh cineálta na mná glúine. Ansin, i mbun a chúig bliana dó, d’imeodh sé go háit oiliúna ag a athair altrama, ba é sin an nós a bhí ann. Níos faide anonn bheadh Colmcille le cinniúint mhór a chur i gcrích ina dhuine fásta dó, ach i bhfad ar shiúl uaithi.


Colmcille agus an Chorr Réisc

Áit lán scéalta is ea trá. Áit dhraíochtach mar a dtagann an talamh, an mhuir agus an spéir i gceann a chéile achan lá fá choinne comhrá breá. Ceann scríbe, mar a mbíonn na tonna ag sileadh, nó ag réabadh, isteach a stopadh tamall lena mbagáiste a fhágáil, ansin ar shiúl leo arís ar a gcéad eachtra eile. Áit a bhfágtar slán fá bhrón agus a dtagtar ’na bhaile fá lúcháir, a mbíonn tinte cnámh agus suirí oíche. Och, na scéalta a d’inseodh trá!

Íomhá le baforest

Agus ní héagsúil do thránna Oileán Í. Tá siad ag aithris fá chreagacha a gaibhníodh i dtine agus i ndorchadas, san am sular thoisigh scéalaíocht. Fá dtaobh de ghaineamh fá smál dearg chlaimhte fuilteacha na Lochlannach. Fá dtaobh de na huiscí agus na longa a briseadh is a bhris croí an oiread sin máithreacha. Ach tá rudaí níos cineálta á n-aithris acu, aíocht shimplí dhea-chroíoch do strainséirí agus do chairde.

Ar thrá ag an cheann theas den oileán tharraing Colmcille agus a dháréag comrádaithe spíonta a gcurach isteach fríd an chúr chun an oileáin a gcuirfeadh siad fúthu ann feasta. Isteach ó thrá ar an taobh thoir d’fhás a mainistir bheag amach as na carraigeacha agus an chré, le fáilte a chur roimh oilithrigh, tuathánaigh agus, leoga, rithe sna blianta uilig le theacht. Agus ba chuig trá ar an taobh thiar a tháinig duine de na haíonna ba chlúití an chomhthionóil.

Bhí an manach óg ina shuí taobh leis an mhachaire ghainmheach. Tharraing sé a chlóca garbh olla teann in éadan na gaoithe géire. Bhí sé in ainm is a bheith ag amharc amach ar an fharraige, ach bhí lár an tráthnóna ann agus bhí sé ansin le huaireanta an chloig. Bhí na tonnaí a bhí ina gcaiple bána agus na néalta dubha reatha ag síneadh amach go bun na spéire agus níos faide, chomh fada, b’fhéidir, le hÉirinn. Phioc sé bláth beag buí san fhéar a bhí á chorradh sa ghaoth ag a chosa, agus smaoinigh sé ar a sheanbhaile, ar a mháthair, agus ar chailín a raibh aithne aige uirthi tráth.

‘Agus ná caith do chuid ama ag brionglóidigh, a Fhionn.’ Nuair a thug Colmcille a chuid orduithe dó ar maidin, bhí místá ina mhalaí giobacha, ach bhí a fhios ag Fionn cá bhfaigheadh sé an loinnir i súile an tseanduine. ‘Coimhéad. Coimhéad agus guigh.’ Ní bhíodh an glór údarásach i bhfad ar shiúl ariamh ó bheith ag briseadh amach ag ceol.

D’amharc Fionn suas. Bhí cruth fada liath ag bogadaigh thíos os cionn na dtonn. Éan? Corr réisc? Ab é seo an t-aoi speisialta ar dhúirt Colmcille leis a bheith ag coimhéad amach fána choinne? Bhí an gála á bualadh, ag tarraingt ar a heiteoga. Bhuail séideán gaoithe úr an chorr san aghaidh, a brú amach níos faide ón chladach. Léim Fionn ar a chosa agus d’imigh ina sheanrith trasna na trá go himeall an uisce, ag guí go mbeadh an t-éan sábháilte. ‘A Thiarna, cosain do shearbhónta.’ Thit an ghaoth oiread na fríde. Agus ansin, de phlab, ghread an chorr isteach air, á chur dá chothrom, agus thit an manach agus an t-éan beirt isteach sa ghaineamh fhliuch.

‘Sé do bheatha a chara.’ Shín Fionn lámh amach go mall. Streachail an chorr le héalú ach ní raibh unsa fuinnimh fágtha inti. ‘B’fhéidir go dtáinig tusa ó mo sheanbhaile,’ a dúirt Fionn le gáire croíúil. ‘Ach is cuma. Cibé áit is baile duit, tá fáilte romhat anseo.’ Ar thuig an t-éan? Ní raibh sé cinnte, ach leag an t-aoi speisialta a ceann ar chosa Fhinn ina chuaráin agus dhruid sí a súile.

Trí lá ina dhiaidh sin bhí Fionn ar ais ar an trá. Bhí an chorr, láidir agus folláin, ina luí go séimh ina bhaclainn agus é á cuimilt. In aice leo bhí Colmcille ina sheasamh, é ard agus tanaí, agus a lámh in airde ag gearradh chomhartha na croise.

‘A chorr, a shiúr, bheannaigh tú sinn le do chuideachta, anois eitil leat, tapaidh agus saor cibé áit a dtabharfaidh an Spiorad thú.

Imigh ar ghaotha na maidine agus rann ár ngrá ar a gcasfar leat.’

Chuir Fionn an t-éan síos ar an ghaineamh. Shín sí amach a muineál fada agus shiúil go ceannard isteach san uisce chiúin. D’amharc sí siar agus chrom sí a ceann amhail is a bhí sí, dar leat, ag fágáil slán, nó buíochas b’fhéidir, ansin shín sí a heiteoga amach agus d’éirigh go ciúin san aer. Dar le Fionn nach bhfaca sé aon dadaidh riamh ina shaol chomh grástúil léi.

‘Chuir tú aoibhneas ar chroí Dé, a Fhionn.’

Lonraigh moladh Cholmcille ar an mhanach óg mar thuar ceatha. ‘Fáilte a chur roimh ár mbráithre agus ár siúracha, bia a thabhairt don ocrach, an té atá gortaithe a leigheas, scíste a thabhairt don té atá spíonta, nach sin ár ngairm?’

‘Agus ansin ligean daofa eitilt ar shiúl arís,’ arsa Fionn. Chlaon Colmcille a cheann go smaointeach, agus gheal an trá lena gháire.

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2026