• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Ag cur chun bealaigh – Slí Cholmcille 2021

Maolcholaim Scott · July 2, 2021 ·

Tá feachtas buan ar bun le Slí Cholmcille a fhás mar chianturas siúlóide ar nós an Camino de Santiago de Compostella idir an Fhrainc agus an Spáinn.

Cuireann an tAth Denis stampa ar phas an oilithrigh, an tEaspag Alan McGuckian (Gleann Cholm Cille 2020)

Tá cuid mhór le tairiscint ag an tSlí. Tá mórán áiteanna i dTír Chonaill as Gleann go Toraigh agus Gartán a bhfuil ceangal láidir acu le Colmcille nó Columba, naomh mór na hÉireann na hAlban agus Thuaisceart Shasana. Tá éileamh mór ar chianturais siúlóide mar thuras spioradálta agus mar bhealach ar eolas a chur ar an tír agus an dúlra.

I mbliana, mar a tharla anuraidh, cuirfidh COVID teorainn ar an líon daoine a bheas páirteach ach cuirfidh daoine chun bealaigh ar an 4 Iúil le siúl 270 ó Ghleann Cholmcille go Doire thar 12 lá ag cur crích ar an turas ag Srúibh in Inis Eoghain. Ar a mbealach, tabharfaidh siad cuairt ar sheanmhainistir Thoraí, áit breithe an naoimh i nGartán, suíomh mhainistir Ráth Both agus ardchros Ráithe, an chros fháinneach airde agus is sine in Éirinn.

Tharla siúlóid i dtús Mhí Mheithimh idir baile Dhún na nGall agus Gleann Cholm Cille, ag nascadh oidhreacht Cholmcille in áiteanna mar Dhroim Thuama agus Díseart leis an chuid eile den tSlí. Beidh siúlóid arís idir baile Dhún na nGall agus Díseart Cholmcille ar an 3 Iúil.

Tá Colmcille 1500 ina chomóradh ar 1500 bliain ó rugadh Colmcille, agus táthar ag súil go mbeidh an cianturas camino mar oidhreacht fhadtéarmach air.

I mbliana tá teorainn de 30 le líon an lucht siúil. Le tuilleadh sonraí agus plean turais a fháil nó le clárú don thuras, déan teagmháil le maureencurran@yahoo.ie

Uncategorized @ga

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2026