• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • English ( Béarla)
    • Gàidhlig (Gàidhlig)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Cad é Iomain Cholmcille

Brian Ó hEadhra · May 18, 2020 ·

Thoisigh Iomain Cholmcille le cluiche amháin le rialacha idirnáisiúnta idir Micheál Breathnach CLG agus foireann d’imreoirí roghnaithe camánachta a raibh Gaeilge na hAlban acu in Òban in 2007.

Ag croílár an imeachta bhí an Ghaeilge. B’éigean Gaeilge na hÉireann nó Gaeilge na hAlban a bheith ag gach imreoir agus b’éigean dóibh í a úsáid. Thaitin an cluiche go mór le gach duine a d’imir, ach níorbh é sin deireadh an scéil.

I ndiaidh an chéad chluiche sin, tá an tionscadal i ndiaidh fás thar dhosaen comórtas a reáchtáladh i gConamara, Eilean Sgitheanach, Dún na nGall, Glaschú agus an Gearasdan.

In 2015 thoisigh comórtas na mban, An Còrn Sgàthaich, agus bhí comórtais don óige ann riamh ón tús. De ghnáth tugann an fhoireann atá ar cuairt cóitseáil d’óige na háite, agus méadaíonn seo muinín muintir na háite.

Bíonn caighdeán maith imeartha ann sna cluichí seo, le himreoirí a bhfuil Gaeilge acu agus a d’imir ar an leibhéal is airde chomh maith le himreoirí ó chlubanna níos lú. Meallann na cluichí sluaite móra agus tá de chlú orthu taispeántas ar dóigh a thabhairt cibé áit a n-imrítear iad.

Bíonn an ceol agus an chraic iontach tábhachtach mar chuid den ócáid uilig chomh maith, agus is iomaí sin céilí a bhí mar chuid den chomórtas, le himreoirí agus oifigí ag fáil seans a bheith ag caint le chéile agus ag foghlaim óna chéile.

Na Buntáistí

Is fada buan na buntáistí a bhaineann le hIomain Cholmcille, le naisc neartaithe idir Gaeil istigh i náisiúin agus idir náisiúin, le cairdeas láidir déanta thar na blianta.

Tá úsáid na Gaeilge agus tógáil na muiníne á úsáid ag croílár gach rud a dhéanann Colmcille. Tugann sé deis agus áit do dhaoine óga a bhfuil spéis acu i spórt na nGael lena dteanga a úsáid i suíomh spraíúil neamhfhoirmiúil lán d’fhuinneamh agus spreagadh.

In Albain, oibríonn Iomain Cholmcille (Alba) le tacaíocht ó Bòrd na Gàidhlig le stádas Ghaeilge na hAlban a ardú sa chamánacht trí chomórtais óige agus imeachtaí pobail.

Uncategorized @ga

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2022