• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • English ( Béarla)
    • Gàidhlig (Gàidhlig)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Seanchas Cholmcille le Gearóidín Breathnach

Aodh Mac Ruairí · October 22, 2021 ·

Seanchas Cholmcille le Gearóidín Breathnach

Tá áit ar leith ag Colmcille i mbéaloideas na hÉireann agus na hAlban. Dá bharr sin, d’iarr Foras na Gaeilge ar an scéalaí iomráiteach Gearóidín Breathnach agus ar LIGID Léiriúcháin sraith d’fhíseáin ghairide a dhéanamh, Seanchas Cholmcille, mar pháirt de Cholmcille 1500. I ngach físeán tugann Gearóidín Breathnach cuairt ar áit i dTír Chonaill atá luaite leis an naomh, agus insíonn sí scéal agus seanchas faoi. Tá sé fhíseán ar fad ann:

  1. Breith Cholmcille & Brionglóidí Eithne
  2. Tobar Eithne, An Tearmann & Áit Bhreithe Cholmcille
  3. Mar a fuair Colmcille a ainm
  4. Cros Ráithe & An Chros Mhór
  5. Turas & Tobar Cholmcille
  6. Abhainn na Leanainne

Tá fotheidil ar fáil do na físeáin i nGaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus i mBéarla, agus is féidir amharc orthu gan fotheidil.

De theaghlach clúiteach seanchaithe as Rann na Feirste in iarthar Thír Chonaill Gearóidín. Tá Corn Uí Riada, an comórtas is mó don amhránaíocht ar an tsean-nós ag Oireachtas na Gaeilge buaite aici faoi dhó, chomh maith leis an duais is mó don scéalaíocht. Tá an duais sin ainmnithe i ndiaidh a hathar Neidí Frainc Mac Grianna a spreag a grá don scéalaíocht an chéad lá riamh. Tá blianta caite ag Gearóidín ag cothú traidisiún na scéalaíochta agus na hamhránaíochta i measc daoine óga, agus tá áit mhór aici i gceol agus i scéalaíocht dhúchasach Thír Chonaill.

Gearóidín Breathnach

Mar cheol aitheantais leis an tsraith, tá píosa as an amhrán Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn, á cheol ag amhránaí eile as Rann na Feirste, Aodh Mac Ruairí. Tá comhairle Cholmcille sa véarsa seo, agus is féidir an t-iomlán a chluinstin ag tús físeán a haon:

Is é ‘dúirt Colm  Cille linn go hIfreann nach dtéid fial

Lucht an tsaibhris go gceileann siad a bpáirt mhór le Dia

’S nach mór an tubaiste d’aon duine a ndearnadh riamh

‘Oiread a chruinniú is a choinneodh as Parthas é.

Aistriúchan

Colmcille said that the generous do not go to Hell.

The rich deny their affinity with God

What a catastrophe for any one ever made

To gather as much as would keep him from Paradise.

    Uncategorized @ga

    Teagmháil

    Teagmháil

    Èirinn

    Foras na Gaeilge
    2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
    BT1 6ED
    028 9089 0970


    Alba

    Bòrd na Gàidhlig
    Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
    IV3 8NW
    +44 (0)1463 225454

    Labhair Linn

    Labhair Linn

    Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

    #colmcille #colmcille1500



    © Colmcille 2022