• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Skip to primary sidebar
  • Gaeilge
    • English
    • Gàidhlig
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Colmcille 1500
    • Imeachtaí
    • Téamaí
    • Oidhreacht
    • Scéalta Colmcille
    • Acmhainní
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Nuacht

Crossways 12 – 14 Feabhra 2021

Maolcholaim Scott · February 4, 2021 ·

Beidh Crossways 2021, mórfhéile de scríbhneoireacht as Éirinn agus Albain, ag tarlú ar líne deireadh seachtaine an 12 go dtí an 14 Feabhra 2021. Bíonn Crossways á eagrú ag an fhoilsitheoir Duillí Éireann agus a eagarthóir Chris Agee. I mbliana, ainneoin dhúshláin COVID, tá méadú ar an fhéile. Dúirt Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tá lúcháir orainn maoiniú a chur ar fáil do Crossways 2021 mar chuid de Cholmcille 1500, comóradh 1500 bliain ó rugadh Naomh Colm Cille, naomh a aontaíonn Éire agus Albain agus atá aitheanta mar fhile agus naomhphátrún filí.” Tá Crossways 2021 á mhaoiniú ag clár Cholmcille d’Fhoras na Gaeilge, Bòrd na Gàidhlig, agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath.

I mbliana beidh tromlach na léamh i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban. Is é an file Simon Ó Faoláin léiritheoir Ghaeilge na hÉireann, agus is í an file an tOllamh Meg Bateman léiritheoir Ghaeilge na hAlban.

Tarlaíonn an fhéile i nGlaschú de ghnáth, ach d’fhéile ar líne 2021 thaistil Winnie Brooke Young, cainteoir Gaeilge as an Oileán Sgitheanach ar fud Éireann agus Alban le linn bearnaí sa dianghlasáil gur thaifead sí físeáin ardchaighdeáin d’fhilí ag léamh as a saothar. Beidh na físeáin beo ar an 12 Feabhra ag www.crossways festival.org. Beidh beirt scríbhneoirí i ngach seisiún, Nuala Ní Dhomhnaill agus Aonghus Dubh MacNeacail, mar shampla, nó Paula Meehan agus Kathleen Jamie.

Is é Duillí Éireann a d’fhoilsigh The Other Tongues: An Introduction to Irish, Scots Gaelic and Scots in Ulster and Scotland agus Crann na Teanga/The Language Tree, mórchnuasach d’fhilíocht Chathail Uí Shearcaigh. Cuireann Crossways 2021 go mór leis an chaidreamh idir scríbhneoirí Gaeilge agus Ghaeilge na hAlban, ag tógáil ar oidhreacht Thuras na bhFilí agus An Leabhar Mòr – The Great Book of Gaelic.

Turas a’ Chalamain le Catríona Patience

Brian Ó hEadhra · February 1, 2021 ·

Is ealaíontóir ilmheáin ó Iarthar na hÉireann í Catríona Patience, atá anois ina cónaí agus ag obair in Albain. Déanann a healaín ceiliúradh ar an teagmháil a bhíonn aicí leis an domhain taobh amuigh trí ghrianghrafadóireacht, teicstílí agus péint. Le ceiliúradh a dhéanamh ar Colmcille 1500, chruthaigh Catríona trí shaothar elaíne úr a thaispeánann éin ón ngéineas Colmcille agus a úsáideann píosaí scannáin a bhí taifeadta ar Inchcolm; Iona an Oirthir. Seo an saothar deiridh a chur sí i láthair do CHARTS agus Bòrd na Gàidhlig i mí na Nollag 2020.

Colmcille 1500 – ábhar oideachasúil

Maolcholaim Scott · December 10, 2020 ·

Tá an-mhórán le foghlaim ó Cholmcille agus ó oidhreacht na mainstreacha a bhunaigh sé. D’ullmhaigh Maureen Curran ó Phobalscoil Loretto, Baile na nGallóglach ábhar foghlama traschuraclaim. Tá sé nasctha le láithreacha a bhaineann le Naomh Colmcille nó Columba, agus cuireann sé múnla ar fáil is féidir a úsáid in áiteanna eile. Tá comórtas bunaithe ar an ábhar a eagrú ag Muareen agus deoise chaitliceach Ráth Bhoth i gcomhar le Scoil Náisiúnta Eaglais na hÉireann i nGartán. Tá an comórtas do scoileanna i nDún na nGall agus i nDoire. Is féidir an t-ábhar i nGaeilge agus i mBéarla a íoslódáil anseo:

Is féidir an t-abhar a íosluchtú anseo.

Maureen and Claire ar ghrúpa oibre le Gabrielle Fitzimons, agus le Gráinne Duggan múinteoir ag Scoil Náisiúnta Ráth Dónaill in aice le Gartán. Tá bailiúchán d’acmhainní oidhreachta agus oideachasúla curtha le chéile ag Gráinne agus tá siad ar fáil ar líne  anseo.

Tá clú ar Chomhairle Contae Dhún na nGall as feabhas a ábhar foghlama d’imeachtaí comórtha leithéid Imeacht na nIarlaí agus 1916. Tá an Chomhairle ag réiteach pacáiste oideachais agus leabhar dathadóireachta a bheas ar fáil san earrach 2021.

Tá músaem fíorúil faoi Cholmcille ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag www.ccea.org.uk/colmcille/ www.ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/index.php

www.ccea.org.uk/colmcille/
www.ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/index.php

CAINTEOIRÍ NA DTEANGACHA GAELACHA AG TEACHT LE CHÉILE CHUN COLMCILLE 1500 A CHEILIÚRADH

Megan MacLellan · December 7, 2020 ·

Dé Luain an 7 Nollaig 2020 cuirfear tús le Colmcille 1500, ceiliúradh cuimhneacháin ar feadh bliana ar 1500 ó rugadh Naomh Colm Cille agus ar a oidhreacht. Tosóidh agus críochnóidh an bhliain ar an 7 Nollaig, breithlá traidisiúnta an naoimh.

Tá Colmcille 1500 á urrú agus á éascú ag an gclár comhpháirtíochta Colmcille atá á reáchtáil ag Bòrd na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge, ag nascadh pobail Ghaeilge agus pobail Ghaeilge na hAlban.

Rinne pobail na mainistreacha a bhunaigh Colm Cille caidreamh trí na céadta le réimse leathan pobal in Éirinn agus in Albain agus i dtuaisceart Shasana, agus níos faide i gcéin, isteach i mór-roinn na hEorpa. Déanfaidh pobail agus eagraíochtaí ilghnéitheacha an bhliain a cheiliúradh ar a lán dóigheanna. Díreoidh cuid acu ar oidhreacht spioradálta agus reiligiúnach an naoimh; beidh spéis ag cuid acu i ngné na staire agus na seandálaíochta; agus déanfaidh cuid eile ceiliúradh ar na naisc theanga agus chultúrtha idir na Gaeil ar fud na cruinne.

Beidh Bòrd na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge ag díriú ar na naisc theangeolaíochta agus chultúrtha idir náisiúin, le réimse leathan imeachtaí pleanáilte do sheachtain na lainseála, lena n-áirítear:

  • Comhroinnfear sraith de theachtaireachtaí físeáin ó dhaoine aonair, grúpaí agus eagraíochtaí ag ceiliúradh Cholmcille 1500, ar leathanach Facebook Cholmcille agus ar www.colmcille.net.
  • Beidh céilí ar líne ar siúl ar leathanach Facebook Cholmcille leis an dá theanga, ceol agus cultúr a cheiliúradh agus a thaispeáint.
  • Lainseálfaidh Bòrd na Gàidhlig a gciste Cholmcille. Is ciste bliantúil é seo atá oscailte do chách agus a thacaíonn le tionscadail a fhéachann le naisc a neartú idir cainteoirí Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann in Albain agus in Éirinn.

Arsa Shona NicIllInnein, Príomhfheidhmeannach Bòrd na Gàidhlig, “Mhúnlaigh Naomh Colm Cille agus a oidhreacht teanga, cultúr agus stair na hAlban agus na hÉireann agus, mar sin, is deis í an bhliain na naisc idir an dá thír a neartú.  Táimid ag súil le níos mó imeachtaí tríd an mbliain, le mórócáid beartaithe timpeall ar Fhéile Naomh Colmcille ar an 9 Meitheamh 2021.  Molaim do gach duine páirt a ghlacadh iontu seo agus ceiliúradh bealach ar bith is féidir leo.”

I measc na n-imeachtaí beartaithe do bhliain Cholmcille 1500 tá na nithe seo a leanas:

  • Cruthóidh Seóthaispeántas Alban (Showcase Scotland) físeán gairid bolscaireachta faoi Ghaeilge na hAlban in Albain, le maoiniú ó Bòrd na Gàidhlig.  Beidh sé seo dírithe ar thionscnóirí féilte agus imeachtaí cultúrtha ón iasacht.  Beidh fáiltiú agus cur i láthair ar líne ann chomh maith (cosúil le Seóthaispeántas beo Ghaeilge na hAlban a bhíodh ann blianta roimhe seo).
  • Spreagfaidh Bòrd na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge Gaelscoileanna nascadh trí thionscadail ó dhá thaobh Shruth na Maoile.
  • Tá Bòrd na Gàidhlig i mbun caibidle le comhpháirtithe soláthair le hacmhainn nua ar líne a chruthú do scoileanna a mhúinfidh bun-nathanna i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge le go mbeidh páistí (agus daoine fásta) in ann nascadh le chéile sa teanga.
  • I rith na bliana, déanfaidh CHARTS, an eagraíocht a phléann le cultúr & oidhreacht na hAlban, atá lonnaithe in Earra-Ghàidheal, buaiteoirí a scéime míosúla dámhachtana ealaíon agus taispeántas ar líne a fhógairt, le haird a tharraingt ar ealaíontóirí Gaelacha agus le tacú leo. Beidh seo ag teacht le téamaí a bhaineann le Colm Cille: https://www.chartsargyllandisles.org/.

Arsa Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Leis an oiread sin béime ar fud na cruinne ar na rudaí a scarann muid, bheir an ceiliúradh ar oidhreacht Cholmcille in 2021 deis dúinn, deis a bhfuil fáilte roimpi, ceiliúradh a dhéanamh ar naisc chomónta theangeolaíochta agus chultúrtha idir Éire agus Albain, agus Éire thuaidh agus theas. Mar gheall ar an chuimhneachán atá beartaithe do 2021 beidh muid ábalta fosta lorg Cholm Cille a leanúint agus a oidhreacht theangeolaíochta agus chultúrtha a cheiliúradh níos faide i gcéin ná na hoileáin seo.

“Tá mé ag súil le comhpháirtíochtaí úra idir scoileanna, le teagmhálacha úra idir gach glúin, le heolas nua a theacht chun solais fá oidhreacht Cholm Cille, agus le hoidhreacht sin na hathbheochana breise i bpobail áitiúla a úsáid.”

Chomh maith leis na scéimeanna bliantúla a chothaíonn naisc idir an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban, tá súil ag Foras na Gaeilge clár nua maoinithe a fhógairt go luath le feasacht a ardú ar Cholm Cille agus a ndearna sé ar mhaithe le naisc theangeolaíochta agus chultúrtha idir Éire agus Albain.

Eolas d’eagarthóirí:

Bhunaigh Colm Cille (Columba an leagan Laidine) mainistir Oileán Í, agus mainistreacha i nDoire, i nDarú in Uíbh Fhailí agus i Lindisfarne i dtuaisceart Shasana, cuid de theaghlach de phobail mainistreacha. Is féidir a n-oidhreacht a fheiceáil sna nithe seo a leanas:

  • Buntús na scríbhneoireachta agus na litearthachta, lena n-áirítear an lámhscríbhinn is sine in Éirinn, an Cathach
  • Na taifid scríofa is luaithe, na hannála, agus mar sin tús na staire taifeadta in Éirinn agus in Albain
  • Mórshaothair ealaíne reiligiúnaí, is é sin na soiscéil mhaisithe, Leabhair Cheanannais, Leabhar Lindisfarne agus Leabhar Dharú
  • Na chéad ardchrosa fáinneacha, atá ina siombail anois d’Éirinn agus den Chríostaíocht Cheilteach
  • Nuálaíocht sa taidhleoireacht, lena n-áirítear Cáin Adhamhnáin 697AD, macasamhail luath de Choinbhinsiún na Ginéive, a thug cosaint do mhná agus leanaí in am cogaidh agus a ndearna ríthe agus cléirigh ó Éirinn, Albain agus tuaisceart Shasana a dhaingniú.

Tabhair cuairt ar www.colmcille.net le haghaidh sonraí imeachtaí.

Bí linn ar na meáin shóisialta trí na haischlibeanna #Colmcille1500 agus #Colmcille agus déan nasc le pobal ilghnéitheach Cholmcille ar líne. Lean sinn ar Instagram @Colmcille agus tabhair ordóg do @Colmcille1500 chun an scéal is déanaí a fháil ar ár nuacht go léir.

From the Bird’s Mouth / Ó Bhéal an Éin

Brian Ó hEadhra · December 2, 2020 ·

Le Phil Baarda and Derek Robertson

Mar atá a fhios againn, tháinig Colmcille thar sáile chugainn, agus tá sé ina pháirt cháiliúil dár stair agus dár ndúchas. Tá a mhascasamhail fíor faoi ainmhithe agus plandaí idir iad sin atá aitheanta agus iad sin nach bhfuil. Ar na saolta deireanacha seo, de réir mar a athraíonn an aeráid, thosaigh na plandaí agus ainmhithe seo a dhéanamh imirce ó thuaidh agus ag lonnú anseo, le cuidiú daoine nó gan é. Tá siad úrnua ann an Alba, gan ainm i nGaeilge orthu, scéal a dtéann an tionscadal iontach seo ina cheann.

Tugann From the Bird’s Mouth. Bhó Bhuel an Eòin ainm ar an ní atá nua. Le taighde agus le comhairliúchán, le comhairle ó eolaithe, lucht taighde agus scríbhneoirí Gaeilge, tabharfaidh an tionscadal ainmneacha Gaeilge ar na nua-Albanaigh seo, agus inseoidh sé scéal a lonnaíochta le filíocht agus le prós, le leabhar ealaíne ardchaighdeáin, agus le suíomh gréasáin idirghníomhach – agus, nuair is féidir sin, le taispeántas cuairte.

Tá an t-ealaíontóir cáiliúil fiadhúlra Derek Robertson i mbun na comhpháirtíochta iontaí seo, le tacaíocht ó NatureScot (Scottish Natural Heritage mar a bhí) agus Bòrd na Gàidhlig.

Tá macalla eile le scéal Cholmcille. Is é an colmán siombail Cholmcille, speiceas den ghéineas columbidae. Lonnaigh an Collared Dove, an fearán baicdhubh, in Albain de chéaduair i 1958, i ndiaidh dó leathnú go mear as a áit dúchais sa Mheán Oirthir agus san Áis. Ainneoin dathanna ar a cluimhreach a choinneadh ceilte é agus an gaineamh thart timpeall air, tháinig an fearán baicdhubh chuig na hoileáin is iargúlta mar a raibh tearmann ag na naoimh a chraobhscaoil soiscéal a rugadh i ngaineamhlach an oirthir.

Tá leathanaigh ghréasáin From the Bird’s Mouth, Bho Bhuel an Eòin ar fáil ag https://www.derekrobertson.com/ Tá tuilleadh de shaothar ealaíne iontach fhiadhúlra Derek le feiceáil ansin fosta.

  • Go to page 1
  • Go to page 2
  • Go to page 3
  • Go to Next Page »

Primary Sidebar

News

  • Crossways 12 – 14 Feabhra 2021
  • Turas a’ Chalamain le Catríona Patience
  • Colmcille 1500 – ábhar oideachasúil
  • CAINTEOIRÍ NA DTEANGACHA GAELACHA AG TEACHT LE CHÉILE CHUN COLMCILLE 1500 A CHEILIÚRADH

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2021