{"id":2112,"date":"2021-05-17T13:10:29","date_gmt":"2021-05-17T13:10:29","guid":{"rendered":"https:\/\/colmcille.net\/maoiniu-bronnta-le-beocht-a-chur-i-gcolm-cille-ar-fud-dhun-na-ngall-agus-dhoire\/"},"modified":"2021-05-17T13:10:29","modified_gmt":"2021-05-17T13:10:29","slug":"maoiniu-bronnta-le-beocht-a-chur-i-gcolm-cille-ar-fud-dhun-na-ngall-agus-dhoire","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/maoiniu-bronnta-le-beocht-a-chur-i-gcolm-cille-ar-fud-dhun-na-ngall-agus-dhoire\/","title":{"rendered":"Maoini\u00fa bronnta le beocht a chur i gColm Cille ar fud Dh\u00fan na nGall agus Dhoire"},"content":{"rendered":"\n<p class=\"wp-block-paragraph\">D\u2019\u00e9irigh le ocht dtionscadal d\u00e9ag sna ceantair Chomhairle, Doire, an Srath B\u00e1n agus D\u00fan na nGall  a dh\u00e9anann ceili\u00faradh ar stair, ceol, dr\u00e1ma\u00edocht, litr\u00edocht, eala\u00edn agus b\u00e9aloideas Cholm Cille, maoini\u00fa a fh\u00e1il a cuireadh ar f\u00e1il mar chuid de Sc\u00e9im Deontais Pobail Cholmcille 1500, sc\u00e9im a seoladh in Ean\u00e1ir 2021. <\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">T\u00e1 an sc\u00e9im mar chuid de chieli\u00faradh bliana Cholmcille 1500 a dh\u00e9anann com\u00f3radh ar 1500\u00fa cuimhneach\u00e1n bhreith Cholm Cille (a dtugtar Columba air chomh maith). <\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Aithn\u00edtear sa bhliain t\u00e1bhacht agus oidhreacht an naoimh a mhair sa 6\u00fa c\u00e9ad, chan amh\u00e1in do Dhoire agus D\u00fan na nGall ach d\u2019\u00c9irinn, Albain agus ar fud an domhain.  Mairfidh an ceili\u00faradh bliana \u00f3 7\u00fa Nollaig 2020 go 7\u00fa Nollaig 2021.<\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Fuarthas corradh le 70 iarratas don sc\u00e9im deontais agus fuair na 18 iarratas\u00f3ir ar \u00e9irigh leo deontais \u20ac2,000 n\u00f3 \u00a31,800 mar chuid den 1500\u00fa ceili\u00faradh at\u00e1 ar si\u00fal le linn 2021.<\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Agus \u00ed ag cur f\u00e1ilte roimh bhronnadh an deontais, d\u00fairt Deirdre Harte, Bainisteoir Tionscadail Cholmcille 1500 go gcuirfidh na hiarratas\u00f3ir\u00ed rath\u00fala beocht in oidhreacht Cholm Cille tr\u00ed th\u00e9ama\u00ed \u00e9ags\u00fala lena n-\u00e1ir\u00edtear stair, ceol, dr\u00e1ma\u00edocht, litr\u00edocht, eala\u00edn, seand\u00e1la\u00edocht, spiorad\u00e1ltacht, sc\u00e9ala\u00edocht agus b\u00e9aloideas.<\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">\u201cT\u00e1 l\u00fach\u00e1ir orainn gur bhronn muid maoini\u00fa a fh\u00e1gann go dtig linn an saibhreas buanna agus cruthaitheachta in\u00e1r bpobail \u00e1iti\u00fala a thaispe\u00e1int. Is deis iontach \u00e9 le ligean do mhuintir na h\u00e1ite p\u00e1irt a ghlacadh sa cheili\u00faradh agus le cuidi\u00fa linn Colm Cille a chur i l\u00e1thair r\u00e9imse de lucht \u00e9isteachta, idir \u00f3g agus aosta, ar dh\u00f3igheanna \u00e9ags\u00fala mar shampla tr\u00ed cheolchoirmeacha, gearrscann\u00e1in, conair\u00ed f\u00edor\u00fala, f\u00e9ile shi\u00fail, ceardlanna fil\u00edochta, suite\u00e1lacha eala\u00edne, saothair \u00fara cheoil agus cl\u00e1r d\u2019ambasad\u00f3ir\u00ed.\u201d<\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">T\u00e1 an tionscadal \u00e1 eagr\u00fa ag Comhairle Ceantair Chathair Dhoire &amp; Cheantar an tSratha B\u00e1in agus Comhairle Contae Dh\u00fan na nGall i gcomhar le ch\u00e9ile le taca\u00edocht \u00f3 ph\u00e1irtithe r\u00edthabhachtacha lena n-air\u00edtear Ciste Forbartha an Iarthuaiscirt, i gcomhar leis an Oifig Feidhmi\u00fach\u00e1in agus Rialtas na h\u00c9ireann agus le taca\u00edocht uathu. <\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Sa chl\u00e1r don bhliain t\u00e1 r\u00e9imse de thionscadail, imeachta\u00ed agus gn\u00edomha\u00edochta\u00ed lena n-\u00e1ir\u00edtear an sc\u00e9im deontais pobail agus t\u00e1 s\u00e9 \u00e1 sheachadadh i gcomhph\u00e1irt le r\u00e9imse d\u2019eagra\u00edochta\u00ed \u00e1iti\u00fala, r\u00e9igi\u00fanacha, n\u00e1isi\u00fanta agus idirn\u00e1isi\u00fanta.<\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">I measc na naoi dtionscadal Dh\u00fan na nGall ar \u00e9irigh leo t\u00e1 roinnt mhaith a bheas ann i gceantar Ghart\u00e1in an \u00e1it ar rugadh Colm Cille. L\u00e9ireoidh Cumann Ceol Aireagail Dh\u00fan na nGall saothar speisialta \u2018Mobhi\u2019s Belt\u2019 bunaithe ar sc\u00e9al an-tr\u00e1th\u00fail thionchar suntasach paind\u00e9ime ar shaol Cholm Cille mar mhanach. Cruth\u00f3idh an d\u00e9ant\u00f3ir scann\u00e1n, Brenda Kelly, gearrscann\u00e1n \u00far \u2018Colmcille\u2019s Childhood in Gartan\u2019, ina dtaispe\u00e1ntar cuid mh\u00f3r de na su\u00edomhanna \u00e1iti\u00fala inar fh\u00e1s an naomh an\u00edos agus tabharfaidh C\u00f3r Soisc\u00e9alach Cholmcille le ch\u00e9ile amhr\u00e1naithe \u00f3 ghl\u00fanta agus ceantair \u00e9ags\u00fala le ceolt\u00f3ir\u00ed agus eala\u00edont\u00f3ir\u00ed cl\u00faiteacha le ceol mar cheili\u00faradh ar Cholmcille 1500 i nGart\u00e1n agus i nGleann Cholm Cille. <\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Fuair Oideas Gael maoini\u00fa le b\u00e9aloideas a bhaili\u00fa agus le l\u00e9arsc\u00e1il dhigiteach idirghn\u00edomhach a dh\u00e9anamh ina l\u00e9ir\u00edtear an gr\u00e9as\u00e1n saibhir de mhion-logainmneacha  a bhaineann leis an naomh i nGleann Cholm Cille  &#8211; leith\u00e9id\u00ed ainmneacha p\u00e1irceanna agus gn\u00e9ithe de dh\u00e9ant\u00fas an duine.<\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">In Explore Inishowen tabharfar F\u00e9ile Shi\u00fail Cholm Cille lena l\u00e9iri\u00fa c\u00e1 h\u00e1it ar shi\u00fail s\u00e9 in Inis Eoghain agus beidh si\u00fal\u00f3id\u00ed ann d\u00edrithe ar \u00e1iteanna insp\u00e9ise mar Phort Cille \u00f3nar fh\u00e1g Colm Clle le dul go hAlbain. Agus i bhF\u00e1naid, coimisi\u00fan\u00f3idh Par\u00f3iste Chluain Dhabhaod\u00f3g \u00edoc\u00f3n agus foilseoidh siad br\u00f3isi\u00far ina nd\u00e9antar na pr\u00edomhsh\u00edomhanna a l\u00e9arsc\u00e1ili\u00fa agus a dtreora\u00edtear daoine chuig an chaibidil fholaithe (\u2018Guth Colmcille\u2019) de shaol an naoimh, a sheal i bhF\u00e1naid.<\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">Fuair Gr\u00fapa Oidhreachta Disert maoini\u00fa fosta le tochailt seand\u00e1la\u00edochta a dh\u00e9anamh ag an tsu\u00edomh eaglaise luath-mhe\u00e1naoiseach, an reilig agus an tobar naofa a tiomna\u00edodh do Cholm Cille a chuideoidh le pl\u00e9 n\u00e1isi\u00fanta agus idirn\u00e1isi\u00fanta ar n\u00e1d\u00far na luath-Eaglaise agus obair Cholm Cille. Cuirfidh Teach na nAmhr\u00e1n imeachta\u00ed litearthachta ar f\u00e1il ar l\u00edne \u00e1 sti\u00faradh ag fil\u00ed \u00c9ireannacha agus fili Albanacha a bhfuil duaiseanna bainte acu agus l\u00e9ireoidh Beltaine Productions gearrscann\u00e1n \u2018Colmcille, Myths, Legends and Truths\u2019 a dh\u00e9anann ini\u00fachadh ar an t\u00edrdhreach agus ar chult\u00far Dh\u00fan na nGall in aimsir an naoimh. An Dr Brian Lacey, duine de na saineolaithe is m\u00f3 in \u00c9irinn ar Cholm Cille  a chuirfeas i l\u00e1thair \u00e9.<\/p>\n\n<p class=\"wp-block-paragraph\">T\u00e1 tuilleadh sonra\u00ed faoi na gn\u00edomha\u00edochta\u00ed at\u00e1 plean\u00e1ilte do Cholmcille 1500 le f\u00e1il <a href=\"http:\/\/www.colmcille1500.com\">www.colmcille1500.com<\/a><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>D\u2019\u00e9irigh le ocht dtionscadal d\u00e9ag sna ceantair Chomhairle, Doire, an Srath B\u00e1n agus D\u00fan na nGall a dh\u00e9anann ceili\u00faradh ar stair, ceol, dr\u00e1ma\u00edocht, litr\u00edocht, eala\u00edn agus b\u00e9aloideas Cholm Cille, maoini\u00fa [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":1920,"comment_status":"closed","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"_acf_changed":false,"_genesis_hide_title":false,"_genesis_hide_breadcrumbs":false,"_genesis_hide_singular_image":false,"_genesis_hide_footer_widgets":false,"_genesis_custom_body_class":"","_genesis_custom_post_class":"","_genesis_layout":"","footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-2112","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","category-uncategorized-ga","entry"],"acf":[],"featured_image_src":"https:\/\/colmcille.net\/wp-content\/uploads\/2021\/04\/CC1500website-600x400.jpg","featured_image_src_square":"https:\/\/colmcille.net\/wp-content\/uploads\/2021\/04\/CC1500website-600x600.jpg","author_info":{"display_name":"Brian \u00d3 hEadhra","author_link":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/author\/brian\/"},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/2112","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=2112"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/2112\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2113,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/2112\/revisions\/2113"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/1920"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=2112"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=2112"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=2112"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}