{"id":1576,"date":"2020-12-07T10:32:47","date_gmt":"2020-12-07T10:32:47","guid":{"rendered":"https:\/\/colmcille.net\/cainteoiri-na-dteangacha-gaelacha-ag-teacht-le-cheile-chun-colmcille-1500-a-cheiliuradh\/"},"modified":"2021-02-04T12:42:39","modified_gmt":"2021-02-04T12:42:39","slug":"cainteoiri-na-dteangacha-gaelacha-ag-teacht-le-cheile-chun-colmcille-1500-a-cheiliuradh","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/cainteoiri-na-dteangacha-gaelacha-ag-teacht-le-cheile-chun-colmcille-1500-a-cheiliuradh\/","title":{"rendered":"CAINTEOIR\u00cd NA DTEANGACHA GAELACHA AG TEACHT LE CH\u00c9ILE CHUN COLMCILLE 1500 A CHEILI\u00daRADH"},"content":{"rendered":"<body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>D\u00e9 Luain an 7 Nollaig 2020 cuirfear t\u00fas le Colmcille 1500, ceili\u00faradh cuimhneach\u00e1in ar feadh bliana ar 1500 \u00f3 rugadh Naomh Colm Cille agus ar a oidhreacht. Tos\u00f3idh agus cr\u00edochn\u00f3idh an bhliain ar an 7 Nollaig, breithl\u00e1 traidisi\u00fanta an naoimh.<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<figure class=\"wp-block-image size-large is-style-default\"><img decoding=\"async\" src=\"https:\/\/colmcille.net\/wp-content\/uploads\/2020\/12\/Banner-1024x342.jpg\" alt=\"\" class=\"wp-image-1507\"\/><\/figure><\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>T\u00e1 Colmcille 1500 \u00e1 urr\u00fa agus \u00e1 \u00e9asc\u00fa ag an gcl\u00e1r comhph\u00e1irt\u00edochta Colmcille at\u00e1 \u00e1 re\u00e1cht\u00e1il ag <a href=\"http:\/\/www.gaidhlig.scot\">B\u00f2rd na G\u00e0idhlig<\/a> agus <a href=\"https:\/\/www.forasnagaeilge.ie\/\">Foras na Gaeilge<\/a>, ag nascadh pobail Ghaeilge agus pobail Ghaeilge na hAlban.<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>Rinne pobail na mainistreacha a bhunaigh Colm Cille caidreamh tr\u00ed na c\u00e9adta le r\u00e9imse leathan pobal in \u00c9irinn agus in Albain agus i dtuaisceart Shasana, agus n\u00edos faide i gc\u00e9in, isteach i m\u00f3r-roinn na hEorpa. D\u00e9anfaidh pobail agus eagra\u00edochta\u00ed ilghn\u00e9itheacha an bhliain a cheili\u00faradh ar a l\u00e1n d\u00f3igheanna. D\u00edreoidh cuid acu ar oidhreacht spiorad\u00e1lta agus reiligi\u00fanach an naoimh; beidh sp\u00e9is ag cuid acu i ngn\u00e9 na staire agus na seand\u00e1la\u00edochta; agus d\u00e9anfaidh cuid eile ceili\u00faradh ar na naisc theanga agus chult\u00fartha idir na Gaeil ar fud na cruinne.<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>Beidh B\u00f2rd na G\u00e0idhlig agus Foras na Gaeilge ag d\u00edri\u00fa ar na naisc theangeola\u00edochta agus chult\u00fartha idir n\u00e1isi\u00fain, le r\u00e9imse leathan imeachta\u00ed plean\u00e1ilte do sheachtain na lainse\u00e1la, lena n-\u00e1ir\u00edtear:<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><body><div>Comhroinnfear sraith de theachtaireachta\u00ed f\u00edse\u00e1in \u00f3 dhaoine aonair, gr\u00fapa\u00ed agus eagra\u00edochta\u00ed ag ceili\u00faradh Cholmcille 1500, ar leathanach Facebook Cholmcille agus ar www.colmcille.net. <\/div><\/body><\/li><li><body><div>Beidh c\u00e9il\u00ed ar l\u00edne ar si\u00fal ar leathanach Facebook Cholmcille leis an d\u00e1 theanga, ceol agus cult\u00far a cheili\u00faradh agus a thaispe\u00e1int.<\/div><\/body><\/li><li><body><div>Lainse\u00e1lfaidh B\u00f2rd na G\u00e0idhlig a gciste Cholmcille. Is ciste bliant\u00fail \u00e9 seo at\u00e1 oscailte do ch\u00e1ch agus a thaca\u00edonn le tionscadail a fh\u00e9achann le naisc a neart\u00fa idir cainteoir\u00ed Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na h\u00c9ireann in Albain agus in \u00c9irinn.<\/div><\/body><\/li><\/ul><\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div><strong>Arsa Shona NicIllInnein, Pr\u00edomhfheidhmeannach B\u00f2rd na G\u00e0idhlig<\/strong>, \u201cMh\u00fanlaigh Naomh Colm Cille agus a oidhreacht teanga, cult\u00far agus stair na hAlban agus na h\u00c9ireann agus, mar sin, is deis \u00ed an bhliain na naisc idir an d\u00e1 th\u00edr a neart\u00fa.\u00a0 T\u00e1imid ag s\u00fail le n\u00edos m\u00f3 imeachta\u00ed tr\u00edd an mbliain, le m\u00f3r\u00f3c\u00e1id beartaithe timpeall ar Fh\u00e9ile Naomh Colmcille ar an 9 Meitheamh 2021.\u00a0 Molaim do gach duine p\u00e1irt a ghlacadh iontu seo agus ceili\u00faradh bealach ar bith is f\u00e9idir leo.\u201d<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>I measc na n-imeachta\u00ed beartaithe do bhliain Cholmcille 1500 t\u00e1 na nithe seo a leanas:<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><body><div>Cruth\u00f3idh Se\u00f3thaispe\u00e1ntas Alban (Showcase Scotland) f\u00edse\u00e1n gairid bolscaireachta faoi Ghaeilge na hAlban in Albain, le maoini\u00fa \u00f3 B\u00f2rd na G\u00e0idhlig.\u00a0 Beidh s\u00e9 seo d\u00edrithe ar thionscn\u00f3ir\u00ed f\u00e9ilte agus imeachta\u00ed cult\u00fartha \u00f3n iasacht.\u00a0 Beidh f\u00e1ilti\u00fa agus cur i l\u00e1thair ar l\u00edne ann chomh maith (cos\u00fail le Se\u00f3thaispe\u00e1ntas beo Ghaeilge na hAlban a bh\u00edodh ann blianta roimhe seo).<\/div><\/body><\/li><li><body><div>Spreagfaidh B\u00f2rd na G\u00e0idhlig agus Foras na Gaeilge Gaelscoileanna nascadh tr\u00ed thionscadail \u00f3 dh\u00e1 thaobh Shruth na Maoile.<\/div><\/body><\/li><li><body><div>T\u00e1 B\u00f2rd na G\u00e0idhlig i mbun caibidle le comhph\u00e1irtithe sol\u00e1thair le hacmhainn nua ar l\u00edne a chruth\u00fa do scoileanna a mh\u00fainfidh bun-nathanna i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge le go mbeidh p\u00e1ist\u00ed (agus daoine f\u00e1sta) in ann nascadh le ch\u00e9ile sa teanga.<\/div><\/body><\/li><li><body><div>I rith na bliana, d\u00e9anfaidh CHARTS, an eagra\u00edocht a phl\u00e9ann le cult\u00far &amp; oidhreacht na hAlban, at\u00e1 lonnaithe in Earra-Gh\u00e0idheal, buaiteoir\u00ed a sc\u00e9ime m\u00edos\u00fala d\u00e1mhachtana eala\u00edon agus taispe\u00e1ntas ar l\u00edne a fh\u00f3gairt, le haird a tharraingt ar eala\u00edont\u00f3ir\u00ed Gaelacha agus le tac\u00fa leo. Beidh seo ag teacht le t\u00e9ama\u00ed a bhaineann le Colm Cille: <a href=\"https:\/\/www.chartsargyllandisles.org\/\">https:\/\/www.chartsargyllandisles.org\/<\/a>.<\/div><\/body><\/li><\/ul><\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div><strong>Arsa Se\u00e1n \u00d3 Coinn, Pr\u00edomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge,<\/strong> \u201cLeis an oiread sin b\u00e9ime ar fud na cruinne ar na ruda\u00ed a scarann muid, bheir an ceili\u00faradh ar oidhreacht Cholmcille in 2021 deis d\u00fainn, deis a bhfuil f\u00e1ilte roimpi, ceili\u00faradh a dh\u00e9anamh ar naisc chom\u00f3nta theangeola\u00edochta agus chult\u00fartha idir \u00c9ire agus Albain, agus \u00c9ire thuaidh agus theas. Mar gheall ar an chuimhneach\u00e1n at\u00e1 beartaithe do 2021 beidh muid \u00e1balta fosta lorg Cholm Cille a lean\u00faint agus a oidhreacht theangeola\u00edochta agus chult\u00fartha a cheili\u00faradh n\u00edos faide i gc\u00e9in n\u00e1 na hoile\u00e1in seo.<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>\u201cT\u00e1 m\u00e9 ag s\u00fail le comhph\u00e1irt\u00edochta\u00ed \u00fara idir scoileanna, le teagmh\u00e1lacha \u00fara idir gach gl\u00fain, le heolas nua a theacht chun solais f\u00e1 oidhreacht Cholm Cille, agus le hoidhreacht sin na hathbheochana breise i bpobail \u00e1iti\u00fala a \u00fas\u00e1id.\u201d<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>Chomh maith leis na sc\u00e9imeanna bliant\u00fala a chotha\u00edonn naisc idir an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban, t\u00e1 s\u00fail ag Foras na Gaeilge cl\u00e1r nua maoinithe a fh\u00f3gairt go luath le feasacht a ard\u00fa ar Cholm Cille agus a ndearna s\u00e9 ar mhaithe le naisc theangeola\u00edochta agus chult\u00fartha idir \u00c9ire agus Albain.<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>Eolas d\u2019eagarth\u00f3ir\u00ed:<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>Bhunaigh Colm Cille (Columba an leagan Laidine) mainistir Oile\u00e1n \u00cd, agus mainistreacha i nDoire, i nDar\u00fa in U\u00edbh Fhail\u00ed agus i Lindisfarne i dtuaisceart Shasana, cuid de theaghlach de phobail mainistreacha. Is f\u00e9idir a n-oidhreacht a fheice\u00e1il sna nithe seo a leanas:<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<ul class=\"wp-block-list\"><li><body><div>Bunt\u00fas na scr\u00edbhneoireachta agus na litearthachta, lena n-\u00e1ir\u00edtear an l\u00e1mhscr\u00edbhinn is sine in \u00c9irinn, an Cathach<\/div><\/body><\/li><li><body><div>Na taifid scr\u00edofa is luaithe, na hann\u00e1la, agus mar sin t\u00fas na staire taifeadta in \u00c9irinn agus in Albain<\/div><\/body><\/li><li><body><div>M\u00f3rshaothair eala\u00edne reiligi\u00fana\u00ed, is \u00e9 sin na soisc\u00e9il mhaisithe, Leabhair Cheanannais, Leabhar Lindisfarne agus Leabhar Dhar\u00fa<\/div><\/body><\/li><li><body><div>Na ch\u00e9ad ardchrosa f\u00e1inneacha, at\u00e1 ina siombail anois d\u2019\u00c9irinn agus den Chr\u00edosta\u00edocht Cheilteach<\/div><\/body><\/li><li><body><div>Nu\u00e1la\u00edocht sa taidhleoireacht, lena n-\u00e1ir\u00edtear C\u00e1in Adhamhn\u00e1in 697AD, macasamhail luath de Choinbhinsi\u00fan na Gin\u00e9ive, a thug cosaint do mhn\u00e1 agus leana\u00ed in am cogaidh agus a ndearna r\u00edthe agus cl\u00e9irigh \u00f3 \u00c9irinn, Albain agus tuaisceart Shasana a dhaingni\u00fa.<\/div><\/body><\/li><\/ul><\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>Tabhair cuairt ar <a href=\"http:\/\/www.colmcille.net\">www.colmcille.net<\/a> le haghaidh sonra\u00ed imeachta\u00ed.<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><body><div>B\u00ed linn ar na me\u00e1in sh\u00f3isialta tr\u00ed na haischlibeanna <strong>#Colmcille1500<\/strong> agus <strong>#Colmcille <\/strong>agus d\u00e9an nasc le pobal ilghn\u00e9itheach Cholmcille ar l\u00edne. Lean sinn ar<a href=\"http:\/\/www.instagram\/_colmcille\"><strong> Instagram @Colmcille <\/strong><\/a>agus <a href=\"http:\/\/www.facebook.com\/colmcille1500\">tabhair ord\u00f3g do <strong>@Colmcille1500 <\/strong><\/a>chun an sc\u00e9al is d\u00e9ana\u00ed a fh\u00e1il ar \u00e1r nuacht go l\u00e9ir.<\/div><\/body><\/p>\n<\/div><\/body><body><div>\n<p class=\"wp-block-paragraph\"><\/p>\n<\/div><\/body>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>D\u00e9 Luain an 7 Nollaig 2020 cuirfear t\u00fas le Colmcille 1500, ceili\u00faradh cuimhneach\u00e1in ar feadh bliana ar 1500 \u00f3 rugadh Naomh Colm Cille agus ar a oidhreacht. Tos\u00f3idh agus cr\u00edochn\u00f3idh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"_acf_changed":false,"_genesis_hide_title":false,"_genesis_hide_breadcrumbs":false,"_genesis_hide_singular_image":false,"_genesis_hide_footer_widgets":false,"_genesis_custom_body_class":"","_genesis_custom_post_class":"","_genesis_layout":"","footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-1576","post","type-post","status-publish","format-standard","category-uncategorized-ga","entry"],"acf":[],"featured_image_src":null,"featured_image_src_square":null,"author_info":{"display_name":"Brian \u00d3 hEadhra","author_link":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/author\/brian\/"},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/1576","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=1576"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/1576\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1577,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/1576\/revisions\/1577"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=1576"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=1576"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/colmcille.net\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=1576"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}