• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Uncategorized @ga

Scéimeanna Cholmcille Foscailte

Aodh Mac Ruairí · March 15, 2022 ·

Scéim Sparánachta Cholmcille

Scéim Miondeontas Cholmcille

Scéim Deontas Cholmcille

‘Colm’ – turas oileánda le Naomh Colmcille

Brian Ó hEadhra · February 17, 2022 ·

https://www.nts.org.uk/stories/colm-an-island-journey-with-st-columba

1500 bliain ó rugadh Colmcille, tá Fiona, cartlannaí Theach Channaidh at tarraing as cartlann Channaidh, le súil a thabhairt ar na dóigheanna a nascann Colmcille Eielan Channaidh, Eilean Leòdhais agus oileáin Ghaeltachta na hÉireann. Le tacaíocht ó Bhòrd na Gàidhlig (Colmcille) agus Urras Nàiseanta na h-Alba.

Colmcille 1500 @ Éigse Uladh 2022

Maolcholaim Scott · February 10, 2022 ·

Tá Colmcille 1500, comóradh ar 1500 ó rugadh Naomh Colmcille, ag leanstan ar aghaidh go dtí Meitheamh 2022. Ar cheann de na himeachtaí, beidh Éigse Uladh ón 25 go dtí an 27 Feabhra.

Colmcille is ábhar don dráma Ar thóir m’Anama in Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh trí oíche na féile. Seo leagan Gaeilge de dhráma Brian Friel The Enemy Within. Rinneadh an dráma Gaeilge ar dtús sna 1970dí ina raibh Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag barr a réime Tá sé á athnuachan in Amharclann athchóirithe Ghaoth Dobhair do Cholmcille 1500.

Beidh léachtaí na hÉigse i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann, ar an tSatharn, léacht le hAilbhe Nic Giolla Chomhaill ar Cholmcille sa traidisiún béil, agus ceann le Colm Ó Cuaig ar Mhánus Ó Dónall agus a mhórshaothar Beatha Cholm Cille ó 1532.

I measc na n-imeachtaí eile, beidh turas bus ar láithreacha stairiúla san iarthuaisceart ar an tSatharn, agus an Dr Seosamh Ó Ceallaigh mar threoraí, turas go Toraigh ar an Domhnach agus siúlóid treoraithe ansin. Beidh Aifreann na hÉigse á craoladh ar Raidió na Gaeltachta, agus cuirfear críoch ar an Éigse ag 5 i.n. tráthnóna Dé Domhnaigh le seirbhís éacúiméineach ar an Domhnach in Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh. Tá an clár iomlán ar fáíl anseo.

Is féidir ticéid do Ar thóir m’Anama a cheannach ag Amharclann Ghaoth Dobhair.

Colmcille 1500 – Coimisiúin Bronnta

Maolcholaim Scott · December 6, 2021 ·

Cuireadh líon mór imeachtaí agus tionscadal ar siúl ar fud Éireann agus Alban faoi scáth Colmcille 1500. Tá ríméad orainn anois a fhógairt go bhfuil scata coimsiún bronnta ag Clár Cholmcille d’Fhoras na Gaeilge ar ealaíontóirí éagsúla in Éirinn agus in Albain le deimhniú go mbeidh oidhreacht shaibhir ag baint leis an gcomóradh.

Agus í ag cur síos ar an amhrán a chum sí mar chuid den sraith coimisiún, bhí an méid seo le rá ag Pádraigín Ní Uallachain: “: Tá an nasc idir Éire is Albain ann, idir ealaíon agus obair, ceart agus éigeart. Chomh maith leis sin tá téama na síochána, na deoraíochta agus an seasamh a rinne sé le healaíontóirí a linne, idir fhilí agus mhaisitheoirí”. Beidh an t-amhrán Colm Ban na Síochána le cloisteáil mar chuid den bhfíseán Coinneal Cholmcille ar an 7 Nollaig.

Sraith físdhánta a fheicimid ón bhfile agus amhránaí Albanach Marcas Mac an Tuairneir agus iad ar fáil i nGaeilge na hAlban, na hÉireann agus Mhanann.

Marcas Mac an Tuairneir – Óran na Cille

Custal y Lewin – Arrane ny Killey

Ben Ó Ceallaigh – Amhrán na Cille

Rachel Walker – Óran na Cille

Isla Callister – Arrane ny Killey

Blaithín Mhic Cana -Amhrán na Cille

Ar na na tograí eile atá le teacht mar chuid de shraith coimisiún Colmcille 1500 tá:

• Póstaer de Thír Cholmcille deartha ag Seek Design, a bheidh ar fáil leis an Irish Times ar lá breithe Cholmcille – 7 Nollaig. • Úrscéal do dhéagóirí dar teideal Colm Cille, le Feargal Ó Bearra. • Dealbh bunaithe ar Leabhar Ceanannais leis an ealaíontóir John McCarron, a nochtfar ar La féasta Colmcille, 9 Meitheamh 2022. • Scannán ealaíne i nGaeilge na hAlban agus na hÉireann le Déirdre Ní Mhathúna on the Gaelic psalm tradition in the Western Isles. • Léiriú ilmheáin ón gcompántas clúiteach Cleamairí Ard Mhacha/ The Armagh Rhymers, agus clog sa stíl mheánaoiseach a dháilfear ar fud na hÉireann is na hAlban. • Clár faisneise raidió dar teideal Colm Cille: Cosantóir na mBan. Pléann an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin gné iontach suimiúil d’oidhreacht Cholm Cille le staraithe agus béaloideasóirí. Le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an 29 Nollaig ag 2i.n • Saothar Ceoil & leiriú ilmheáin leis an gcruitire agus cumadóir Úna Monaghan agus í ag comhoibriú le plúr na n-ealaíontóirí Éireannacha agus Albanacha.

Seanchas Cholmcille le Gearóidín Breathnach

Aodh Mac Ruairí · October 22, 2021 ·

Seanchas Cholmcille le Gearóidín Breathnach

Tá áit ar leith ag Colmcille i mbéaloideas na hÉireann agus na hAlban. Dá bharr sin, d’iarr Foras na Gaeilge ar an scéalaí iomráiteach Gearóidín Breathnach agus ar LIGID Léiriúcháin sraith d’fhíseáin ghairide a dhéanamh, Seanchas Cholmcille, mar pháirt de Cholmcille 1500. I ngach físeán tugann Gearóidín Breathnach cuairt ar áit i dTír Chonaill atá luaite leis an naomh, agus insíonn sí scéal agus seanchas faoi. Tá sé fhíseán ar fad ann:

  1. Breith Cholmcille & Brionglóidí Eithne
  2. Tobar Eithne, An Tearmann & Áit Bhreithe Cholmcille
  3. Mar a fuair Colmcille a ainm
  4. Cros Ráithe & An Chros Mhór
  5. Turas & Tobar Cholmcille
  6. Abhainn na Leanainne

Tá fotheidil ar fáil do na físeáin i nGaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus i mBéarla, agus is féidir amharc orthu gan fotheidil.

De theaghlach clúiteach seanchaithe as Rann na Feirste in iarthar Thír Chonaill Gearóidín. Tá Corn Uí Riada, an comórtas is mó don amhránaíocht ar an tsean-nós ag Oireachtas na Gaeilge buaite aici faoi dhó, chomh maith leis an duais is mó don scéalaíocht. Tá an duais sin ainmnithe i ndiaidh a hathar Neidí Frainc Mac Grianna a spreag a grá don scéalaíocht an chéad lá riamh. Tá blianta caite ag Gearóidín ag cothú traidisiún na scéalaíochta agus na hamhránaíochta i measc daoine óga, agus tá áit mhór aici i gceol agus i scéalaíocht dhúchasach Thír Chonaill.

Gearóidín Breathnach

Mar cheol aitheantais leis an tsraith, tá píosa as an amhrán Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn, á cheol ag amhránaí eile as Rann na Feirste, Aodh Mac Ruairí. Tá comhairle Cholmcille sa véarsa seo, agus is féidir an t-iomlán a chluinstin ag tús físeán a haon:

Is é ‘dúirt Colm  Cille linn go hIfreann nach dtéid fial

Lucht an tsaibhris go gceileann siad a bpáirt mhór le Dia

’S nach mór an tubaiste d’aon duine a ndearnadh riamh

‘Oiread a chruinniú is a choinneodh as Parthas é.

Aistriúchan

Colmcille said that the generous do not go to Hell.

The rich deny their affinity with God

What a catastrophe for any one ever made

To gather as much as would keep him from Paradise.

    • « Go to Previous Page
    • Page 1
    • Page 2
    • Page 3
    • Page 4
    • Interim pages omitted …
    • Page 8
    • Go to Next Page »

    Teagmháil

    Teagmháil

    Èirinn

    Foras na Gaeilge
    2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
    BT1 6ED
    028 9089 0970


    Alba

    Bòrd na Gàidhlig
    Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
    IV3 8NW
    +44 (0)1463 225454

    Labhair Linn

    Labhair Linn

    Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

    #colmcille #colmcille1500



    © Colmcille 2026