• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • Gàidhlig
    • English ( Béarla)
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Acmhainní
    • Scéalta Cholmcille
    • Oideachas
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Maolcholaim Scott

Cassan ag na Gaeil le siúl air

Maolcholaim Scott · June 30, 2021 ·

Cassan an t-ainm atá ar chomhpháirtíocht idir an Bhunscoil lán-Ghaeilge in Oileán Mhanann agus Conradh na Gaeilge Boirche i ndeisceart an Dúín. Anois tháinig siad i gceann a chéile le áis a dhéanamh a thugann eolas ar Ghaelg, Gaeilge agus Gàidhlig agus a bheas ar fáil go leitheadach do scoileanna sna hoileáin seo., Sraith álainn de sheacht bpóstaer le foclóir úsáideach le gur féidir le daltaí foghlaim faoi na coibhneasa idir na teangacha Gaelacha. ‘

‘Cosán’ an chiall atá le Cassan i nGaeilge. Tá Oileán Mhanann le feiceáil ó na Beanna Boirche, mar a bhfuil Bunscoil na mBeann , a bhfuil dlúthnasc acu le Conradh na Gaielge Boirche Íochtair. Ba iad Vicki Webb as Oileán Mhanann agus Andrea McCloskey as Contae an Dúin na healaíontóirí. Is iad Josephine Siriu Dunbar. teangeolaí agus oifigeach forbartha ag Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair, agus Aalin Clague, múinteoir ag Bunscoill Ghaelgach in Oileán Mhanann a chuir an tionscadal le chéile, i gcomhairle le foilsitheoirí oideachasúla, An Stòrlann in Albain, agus an tÁisaonad in Éirinn. Tá an tionscadal á mhaoiniú agus á éascú ag Colmcille, Foras na Gaeilge mar pháirt de chlár Cholmcille 1500.

Tá súil ag Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair na póstaeir a chur ar fáil trí eagraíochtaí oideachasúla lán-Ghaeilge agus o shiopaí leithéid  An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste a bhfuil siopa ar líne acu.

Ag comhroinnt cultúir: Laa Columba Killey in Oileán Mhanann

Maolcholaim Scott · June 29, 2021 ·

In Oileán Mhanann bíonn bunadh Arbory i ndeisceart an oileáin ag ceiliúradh Laa Columb Killey go mall i Mí Mheithimh seachas ar an 9 lá mar a dhéantar in Éirinn agus in Albain. I mbliana tá clár speisialta ag comóradh 1500 bliain ó rugadh Colmcille. Tá Jeebin (Líonra Teanga na Manannaise) ag obair i bpáirt le scoil Arbory, ag cruthú áiseanna a léiríonn an pháirt atá ag an pharóiste i stair na Manannaise.

Tá Culture Mhanann ag cur ceiliúradh cruthaitheach le Colmcille 1500. Tá aintiún cóir Y Folliaght (An Rún) cumtha ag Aalin Clague, cainteoir Manannaise agus múinteoir ag Bunsgoill Ghaelgach an oileáin. Dán atá leagtha ar Cholmcille a spreag Marie Clague a scríobh na liricí Insíonn Y Folliaght faoi thuras Cholmcille thar farraige, agus é déanamh iontais de na radharcanna agus fuaimeanna sa domhan thart timpeall air. Tá taifeadadh déanta ag Caarjyn Cooidjagh, cór Gaelach Mhanann, agus is féidir é a cluinstin agus na liricí a léamh anseo. Ballagroove Recording Studio a rinne an taifeadadh. Foilseofar é go luath le físeán ar a mbeidh íomhánna áille d’Oileán Mhanann ag www.culturevannin.im

Tá Gaelg21 clár de chuid Jeebin, Líonra Teanga na Manannaise ag ceiliúradh dúchas na Manannaise agus Mhanann agus ag cur le Colmcille 1500 chomh maith. Is féidir tuilleadh a fháil amach faoi Gaelg21 anseo.

Slí Cholmcille – Camino Gaelach

Maolcholaim Scott · May 12, 2021 ·

Tá coiste Turas Colmcille i nDún na nGall agus i nDoire ag iarraidh Slí Cholmcille a fhorbairt mar líonra cosán siúil a nascann príomhshuímh Oidhreachta Cholmcille ar fud an dá chontae. Tógfaidh an tsiúlóid i stíl Camino trasna Dhún na nGall agus Dhoire dhá lá dhéag go ceithre lá dhéag. Bhí rannpháirtíocht shuntasach sa phobal cheana féin. Siúlóid ‘cruthúnas ar choincheap’ chuig an gceann scríbe in 2020. Lorgaíonn an coiste tairiscintí do Phlean Margaíochta Forbartha agus Gnó. Is é an 24 Bealtaine 2021 an spriocdháta le haghaidh tairiscintí agus is féidir na sonraí a fháil anseo .

Colmcille 1500 – ábhar oideachasúil

Maolcholaim Scott · April 5, 2021 ·

Tá an-mhórán le foghlaim ó Cholmcille agus ó oidhreacht na mainstreacha a bhunaigh sé. D’ullmhaigh Maureen Curran ó Phobalscoil Loretto, Baile na nGallóglach ábhar foghlama traschuraclaim. Tá sé nasctha le láithreacha a bhaineann le Naomh Colmcille nó Columba, agus cuireann sé múnla ar fáil is féidir a úsáid in áiteanna eile. Tá comórtas bunaithe ar an ábhar a eagrú ag Muareen agus deoise chaitliceach Ráth Bhoth i gcomhar le Scoil Náisiúnta Eaglais na hÉireann i nGartán. Tá an comórtas do scoileanna i nDún na nGall agus i nDoire. Is féidir an t-ábhar i nGaeilge agus i mBéarla a íoslódáil anseo:

Is féidir an t-abhar do bhunscoileanna a íosluchtú anseo.

. Is féidir an t-ábhar d’iarbhunscoileanna a íosluchtú https://colmcille.net/wp-content/uploads/2020/12/Colmcille-1500-tionscadal-scoile-Deoise-Rath-Bhoth-2.pdf

Maureen and Claire ar ghrúpa oibre le Gabrielle Fitzimons, agus le Gráinne Duggan múinteoir ag Scoil Náisiúnta Ráth Dónaill in aice le Gartán. Tá bailiúchán d’acmhainní oidhreachta agus oideachasúla curtha le chéile ag Gráinne agus tá siad ar fáil ar líne  anseo.

Tá clú ar Chomhairle Contae Dhún na nGall as feabhas a ábhar foghlama d’imeachtaí comórtha leithéid Imeacht na nIarlaí agus 1916. Tá an Chomhairle ag réiteach pacáiste oideachais agus leabhar dathadóireachta a bheas ar fáil san earrach 2021.

Tá músaem fíorúil faoi Cholmcille ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag www.ccea.org.uk/colmcille/ www.ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/index.php

www.ccea.org.uk/colmcille/
www.ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/index.php

Crossways 12 – 14 Feabhra 2021

Maolcholaim Scott · February 4, 2021 ·

Beidh Crossways 2021, mórfhéile de scríbhneoireacht as Éirinn agus Albain, ag tarlú ar líne deireadh seachtaine an 12 go dtí an 14 Feabhra 2021. Bíonn Crossways á eagrú ag an fhoilsitheoir Duillí Éireann agus a eagarthóir Chris Agee. I mbliana, ainneoin dhúshláin COVID, tá méadú ar an fhéile. Dúirt Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tá lúcháir orainn maoiniú a chur ar fáil do Crossways 2021 mar chuid de Cholmcille 1500, comóradh 1500 bliain ó rugadh Naomh Colm Cille, naomh a aontaíonn Éire agus Albain agus atá aitheanta mar fhile agus naomhphátrún filí.” Tá Crossways 2021 á mhaoiniú ag clár Cholmcille d’Fhoras na Gaeilge, Bòrd na Gàidhlig, agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath.

I mbliana beidh tromlach na léamh i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban. Is é an file Simon Ó Faoláin léiritheoir Ghaeilge na hÉireann, agus is í an file an tOllamh Meg Bateman léiritheoir Ghaeilge na hAlban.

Tarlaíonn an fhéile i nGlaschú de ghnáth, ach d’fhéile ar líne 2021 thaistil Winnie Brooke Young, cainteoir Gaeilge as an Oileán Sgitheanach ar fud Éireann agus Alban le linn bearnaí sa dianghlasáil gur thaifead sí físeáin ardchaighdeáin d’fhilí ag léamh as a saothar. Beidh na físeáin beo ar an 12 Feabhra ag www.crossways festival.org. Beidh beirt scríbhneoirí i ngach seisiún, Nuala Ní Dhomhnaill agus Aonghus Dubh MacNeacail, mar shampla, nó Paula Meehan agus Kathleen Jamie.

Is é Duillí Éireann a d’fhoilsigh The Other Tongues: An Introduction to Irish, Scots Gaelic and Scots in Ulster and Scotland agus Crann na Teanga/The Language Tree, mórchnuasach d’fhilíocht Chathail Uí Shearcaigh. Cuireann Crossways 2021 go mór leis an chaidreamh idir scríbhneoirí Gaeilge agus Ghaeilge na hAlban, ag tógáil ar oidhreacht Thuras na bhFilí agus An Leabhar Mòr – The Great Book of Gaelic.

  • « Go to Previous Page
  • Page 1
  • Page 2
  • Page 3
  • Page 4
  • Go to Next Page »

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2026