Tá áthas ar Bhòrd na Gàidhlig (BnG) a fhógairt go bhfuil siad ag tabhairt maoiniú ar luach £88,000 do thionscadail in Albain, agus do thriúr a bheas ag foghlaim Gaeilge na hÉireann trína scéim maoinithe Colmcille.
Comhpháirtíocht is ea Colmcille idir Foras na Gaeilge in Éirinn agusBòrd na Gàidhlig in Albain. Cothaíonn sé cumarsáid agus comhoibriú idir pobail Ghaeilge na hÉireann agus pobail Ghaeilge an hAlban.
I 2022 leanfaimid den chomóradh Colmcille 1500 le himeachtaí agus tionscadail speisialta.
Tá maoiniú ar fáil do thionscadail a thabharfaidh cainteoirí Ghaeige na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban le chéile, agus fosta do cainteoirí Gaidhlig atá ag iarraidh tabhairt faoi chúrsa i nGaeigle na hÉireann.
I mbliana táimid ag tabhairt tacaíocht do thriúr a bheas ag tabhairt faoi chúsaí i nGaeilge na hÉireann agus do 10 dtionscadal ar leith a a bhfuil aidhm acu na ceangail idir Éire agus Albain a neartú. Tá i measc na dtionscadal seo, Ceangal 2022 ag Urras Coimhearsnachd Bhràdhagair agus Àrnoil (UCBA) ann an Leòdhas. Mar pháirt dá dtionscadal is mian leo dul i dteagmháil le tionsacadail phobail, fiontair shóisialta, eagraíocchtaí deonacha agus páirtithe i gCorca Dhuibhne agus ar an Daingean le heolas a chur ar chultúr, ghnásanna agus ar shaol a chéile.
Dúirt Murdo Morrison, Oififgeach pobail ag UCBA: Tá áthas orainn, agus táimid buíochas as an tacaíocht seo ag le nascanna a thógáil go hidirnáisiúnta idir ár bpobal féin in Iarthar Leòdhais agus muintir Chiarraí. Sa tionscadal seo beimid ag iarraidh nascanna pobail teanga, cultúir oideachas agus nascanna eile a thógáil.”
Tabharfar maoiniú do dheich dtionscadal de chúrla éagsúil ar fud na tíre. Ina measc, tá Éiceamhúsaem Ceilteach san Eilean Sgitheanach, tionscadal filíochta i nDún Éideann, iomáin don óige, agus tionscadal turasóireachta sna Garbhchríocha.
Dúirt Brian Ó hEadhra, Bainistíocht Maoiniú agus Compháirtíocht, Bòrd na Gàidhlig Cuireann sé lúcháir orainn tacú leis na grúpaí seo agus iead ag tógáil nascanna lenár gcairde in Éirinn. Tá scéim maoinithe Cholmcille ar obair le hachar maith de bhlianta, agus is údar misnigh iarratais a fheiceáil gach bliain ó chainteoirí Gaeilge atá i bhfach ní amháin le Gaeigle na hÉireann a fhoghlaim, ach fosta le nascanna teanga a neartú.
Bhí an scéim oscailte ar feadh 13 seachtaine idir an 11 Samhain 2021 agus an 10 Feabhra 2022. Tá dhá spriocdháta ag scéim Fhoras an Gaeilge, agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.
Is féidir liosta iomlán de na hiarratais rathúla a fháil anseo.