Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Tobar Cholmcille, Ceanannas: Ceiliúradh ceoil agus éigse béil

June 8 @ 8:00 pm - June 9 @ 9:30 pm UTC+0

Ar oíche Fhéile Colmcille bígí linn do dhreas ceoil agus sinn ag tabhairt chun cuimhne Colmcille san áit ar tharraing a chuid manach uisce do mhainistir Cheanannais. Ba tobar beatha an tobar beannaithe seo, ionad baiste agus ionad oilithreachta ar feadh na gcéadta bliain. Ar an 8 Meitheamh faoi ghrian thús an tsamhraidh agus faoi bholadh cumhra na sceiche gile, beidh cuimhne Cholmcille á spreagadh le ceol agus le dán atá leagtha ar  Cholmcille é féin. B’fjéidir go bhfuil fuascailt ar phian na deoraíochta nuair a chuimhnímid gur anseo a tháinig manaigh Cholmcille abhaile nuair ab éigean dóibh Í a fhágáil. Rannpháirteach san imeacht, beidh ceoltóirí Chnocán an Teampaill as Gaeltacht Ráth Charn. Beidh éigse bhéil a cur ar fáil go dátheangach ag Valery O’Connell sa dán. I gCoiscéim Cholmcille, in the footsteps of Colmcille.

Bí linn ar líne.

Details

Start:
June 8 @ 8:00 pm UTC+0
End:
June 9 @ 9:30 pm UTC+0