Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Ón Dún go hEarra-Ghàidheal: Naoimh Choiteanna sa Mheánaois Luath

November 3, 2021 @ 7:00 pm - 8:30 pm UTC+0

Cuireann Foras na Gaeilge agus Comhairle Chathair Bhéal Feirste cuireadh ort chuig caint leis an Dr Elva Johnston, Scoil na Staire, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar naoimh choiteanna na hÉireann agus na hAlban, agus chuig plé painéil ina dhiaidh:

Ón Dún go hEarra-Ghàidheal: Naoimh Choiteanna sa Mheánaois Luath

Ó thairseach na staire, tá nascanna cumhachtacha idir oirthear Uladh agus iarthar na hAlban. Tabharfaidh an chaint seo aghaidh ar an dóigh ar neartaíodh na nascanna sin mar gheall ar an urraim do naoimh, ina measc, Colm Cille Í, Moluag Lios Mòr Innse Gall, agus Finnian Mhaigh Bhile. Bhí tionchar fosta ag eaglaisí leithéid Bheannchair i gContae an Dúin agus na Comraich i nGàidhealtachd Alban. Mhúnlaigh an taisteal agus an chumarsáid eatarthu an dá thaobh de Shruth na Maoile, agus tá a macalla ann go dtí an lá atá inniu ann sna dúichí agus scéalta atá luaite leis na naoimh agus fite fuaite le chéile.

Beidh Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOll Regina Ní Chollatáin, sa chathaoir ar an léacht, agus ar phlé painéil ina dhiaidh. Imeacht dátheangach a bheas ann i nGaeilge agus i mBéarla, agus an léacht féin i mBéarla. Beidh Linda Ervine, Turas, Misean Bhéal Feirste Thiar, agus Leanne Briggs, Músaem an Dúin Thuaidh páirteach sa phlé painéil mar aon leis an fhile Meg Bateman ó Shabhal Mor Ostaig an t-Eilean Sgitheanach, agus Aonghus MacCoinnich as Nis in Eilean Leodhais atá ina staraí ag Ollscoil Ghlaschú.

Am: 7 p.m. Dáta: an 3 Samhain 2021

Is imeacht ar líne é seo, lean an nasc seo le clárú.

Details

Date:
November 3, 2021
Time:
7:00 pm - 8:30 pm UTC+0