
- This event has passed.
Mionteangóirí an domhain, aontaímis! Le Dr Ben Ó Ceallaigh
June 23, 2021 @ 7:00 pm - 9:30 pm UTC+0

Dúshláin agus dóchas do theangacha mionlaithe le linn tréimhse chorrach
Is léachtóir leis an Léann Ceilteach in Ollscoil Aberystwyth sa mBreatain Bheag é Ben Ó Ceallaigh. As Ros Comáin ó dhúchas é agus tá sé ina bhall bródúil de Mhisneach(d). Bronnadh céim PhD air anuraidh de bharr tráchtais a scríobh sé in Ollscoil Dhún Éideann faoi dhroch-thionchar géarchéim 2008 ar an nGaeltacht.
Sa gcaint seo, pléifidh Ben cuid de na dúshláin atá roimh an nGaeilge in Éirinn, agus roimh go leor teangacha mionlaithe eile – Gaeilge na hAlban san áireamh. Déanfar nasc le ceist na timpeallachta, agus pléifear an chaoi a n-ardaíonn sí sin idir dhúshláin agus dóchas do phobail mionteangóirí ar fud an domhain.