Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Luach an Dráma: An nasc cruthaitheach idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig Albanach

June 9 @ 7:00 pm - 9:30 pm UTC+0

Ina cónaí i nGlaschú le blianta anuas, tá Muireann Kelly ina Stiúrthóir Ealaíne le Theatre Gu Leòr, agus is as Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo í. Ní hé amháin go bhfuil drámaíocht Gaeilge na hAlban tábhachtach di, ach bíonn Gaeilge agus uaireanta Breatnais ag buntús na hoibre ealaíne s’aici. Tá Theatre Gu Leòr ina chomhlacht amharclainne camchuairte atá lonnaithe i nGlaschú, a dhéanann drámaíocht chomhaimseartha i nGaeilge na hAlban.

San imeacht seo in ómós Cholmcille, labhróidh Muireann faoin ionspráid agus fuinneamh a thagann di trí Ghàidhlig agus trí Ghaeilge. Beidh deis againn díospóireacht a dhéanamh léi faoin cheist tábhachtach faoin nasc idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig Albanach: Cad is féidir linn a fhoghlaim ó chomhoibriú go cruthaitheach le chéile?