Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Colmcille @1500: Clár de léachtaí i nGaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban

October 2 @ 2:00 pm - 5:00 pm UTC+0

Tráthnóna Dé Sathairn an 2 Deireadh Fómhair beidh clár léáchtaí ag Comunn Gàidhlig Ghlaschu mar chomóradh ar 1500 bliain ó rugadh Colm Cille (nó Calum Cille).

Beidh an clár ar fad i nGaeilge agus i nGàidhlig le trí léacht i ngach teanga agus cainteoirí den scoth.

Tá an chomhdháil á heagrú ag Comunn Gàidhlig Ghlaschu i bpáirt le Conradh na Gaeilge, Glaschú, agus le An Lòchran, eagraíocht Ghàidhlig sa chathair le tacaíocht ó chlár Cholmcille. Is iad Aonghas Mac Coinnich, Ollscoil Ghlaschú agus Evin Ó Dúnaigh, Conradh na Gaeilge Glaschú a chuirfeas an ócáid i láthair, agus beidh achoimre ar fáil sa dá Ghaeilge ar gach léacht.

2.00. Fáilte.

2.05
An Dr Geraldine Parsons, (O. Ghlaschu), Colm Cille agus Fionn mac Cumhaill: spéis sa naomh sa Luath-Fhiannaíocht (i nGaeilge)
An Dr Brian Lacey, Colmcille: An Oidhreacht Seandálaíochta (i nGaeilge)
An t-Oll. Lillis Ó Laoire, Colmcille i mBéaloideas na hÉireann le béim speisialta ar Thír Chonaill (an Gaeilge)
Ceisteanna i nGaeilge agus i nGàidhlig

Cupa tae/ briseadh 3.15-3.30

3.00
An Dr Aonghas MacCoinnich (O. Ghlaschu), (i n Gàidhlig)
Nascanna Ruairidh Mòr MhicLeòid na
Hearadh le hÉirinn

Màrtainn Mac an t-Saoir, Tobar an Dualchais: (i nGàidhlig)
MacMhuirich Stadhlaigearraidh i dtraidisiún na ndaoine.

An t-Oll. Conchúr Ó Giollagáin (O. na G. is nan Eilean), (i nGàidhlig) Oidhreacht gan choinne: Sibhialtacht na Gael 1500 bliain ar aghaidh ó ré Cholm Cille

 

Details

Date:
October 2
Time:
2:00 pm - 5:00 pm UTC+0
https://comannghlaschu.wordpress.com/2021/09/22/colmcille-1500/

Venue

Online