Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Colm Cille Cosantóir na mBan

December 29, 2021 @ 2:00 pm - 3:30 pm UTC+0

Rugadh Colm Cille 1,500 bliain ó shin i nGartán, Co. Dhún na nGall agus tá sé ar dhuine de naomhphátrúin na tíre seo. Fear naofa, file, taidhleoir agus deoraí ab ea é, agus sa chlár seo cuireann Áine Ní Bhreisleáin portráid iomlán inar láthair den bhfear eisceachtúil seo a bhfuil clú air ar fud na cruinne.  Cloisfidh sí faoi Cholm Cille mar Chosantóir na mBan agus é ag teacht i gcabhair ar an mbantracht. Cloisfear faoin ab a bhí mar chomharba ar Cholm Cille ar Oileán Í, Adomnán, agus a chuir an dlí Cáin Adomnáin ar bun sa bhliain 697, dlí a thug cosaint do mhná agus do neamhthrodaithe. Tugtar uaireanta Coinbhinsiún na Ginéive a linne ar an dlí sin. Ar na haíonna a bheidh le cloisteáil beidh na staraithe Brian Lacey agus Seosamh Ó Ceallaigh, na scoláirí Caitríona Ó Dochartaigh agus Mairín Ní Dhonnchadha agus an scéalaí Gearóidín Breathnach.

Details

Date:
December 29, 2021
Time:
2:00 pm - 3:30 pm UTC+0