Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath : Peregrinatio in the Careers of Columcille and his Monastic Family

June 29 @ 7:30 pm - 8:30 pm UTC+1

Columcille in Context: Diagairí agus staraithe i gcomhrá le chéile ag comóradh cothrom 1500 bliain ó bhreith Naomh Colmcille Í.

An tOllamh Jonathan Wooding Ollamh Oinigh, Ionad na Nua-Aoise Luaithe, Ollscoil Sydney

Peregrinatio i ngairmeacha Cholumcille agus Mhuintir a mhainistreacha

Tá móitíf an peregrinatio (deoraíocht a thugann manach air féin) aitheanta go leitheadach i staidéir ar Naomh Columbanus (a fuair bás 615) agus na manach a lean é go dtí an Mhór-roinn. B’fhear comhaimsire agus comhainm dó Columcille a bhí ní ba sine (Colmcille Í a fuair bás i 597) agus ba perigrinus é féin. Fágann an stair áitiúil agus réigiúnach castacht sa staidéar ar peregrinationes Cholm Cille agus mhuintir a mhainisteacha, agus ní furasta i gcónaí cúiseanna éagsúla atá taobh thiar de lonnaíocht agus de thaisteal na manach a rianú.  Beidh roinnt samplaí de peregrinatio in oileáin iarthar na hAlban agus an Atlantaigh faoi scrúdú anseo ón séú céad in aimsir Cholmcille go dtí an naoú céad nuair a bhí manaigh i mbun turais farraige go hoileáin i bhfad ó thuaidh agus siar ó thuaidh. Amharcóidh mé ar na coincheapa diagachta atá le fáil sna cuntais ar na tuarias seo, agus ar na torthaí a thagann astu don staidear ar lonnaíocht agus cur san áireamh obair allamuigh atá ar bun agam.

Details

Date:
June 29
Time:
7:30 pm - 8:30 pm UTC+1
https://tcd-ie.zoom.us/webinar/register/WN_6sa32RWTQL-WwEOxgm_6Bw

Venue

Online

Organizer

Trinity College Dublin