Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Ag Cur Chun Bealaigh -Slí Cholmcille 2021

July 4, 2021 @ 8:00 am - July 16, 2021 @ 5:00 pm UTC+0

Tá feachtas buan ar bun le Slí Cholmcille a fhás mar chianturas siúlóide ar nós an Camino de Santiago de Compostella idir an Fhrainc agus an Spáinn.Tá cuid mhór le tairiscint ag an tSlí. Tá mórán áiteanna i dTír Chonaill as Gleann go Toraigh agus Gartán a bhfuil ceangal láidir acu le Colmcille nó Columba, naomh mór na hÉireann na hAlban agus Thuaisceart Shasana. Tá éileamh mór ar chianturais siúlóide mar thuras spioradálta agus mar bhealach ar eolas a chur ar an tír agus an dúlra.

I mbliana, mar a tharla anuraidh, cuirfidh COVID teorainn ar an líon daoine a bheas páirteach ach cuirfidh daoine chun bealaigh ar an 4 Iúil le siúl 270 ó Ghleann Cholmcille go Doire thar 12 lá ag cur crích ar an turas ag Srúibh in Inis Eoghain. Ar a mbealach, tabharfaidh siad cuairt ar sheanmhainistir Thoraí, áit breithe an naoimh i nGartán, suíomh mhainistir Ráth Both agus ardchros Ráithe, an chros fháinneach airde agus is sine in Éirinn.

Tharla siúlóid i dtús Mhí Mheithimh idir baile Dhún na nGall agus Gleann Cholm Cille, ag nascadh oidhreacht Cholmcille in áiteanna mar Dhroim Thuama agus Díseart leis an chuid eile den tSlí. Beidh siúlóid arís idir baile Dhún na nGall agus Díseart Cholmcille ar an 3 Iúil.

Tá Colmcille 1500 ina chomóradh ar 1500 bliain ó rugadh Colmcille, agus táthar ag súil go mbeidh an cianturas camino mar oidhreacht fhadtéarmach air.

I mbliana tá teorainn de 30 le líon an lucht siúil. Le tuilleadh sonraí agus plean turais a fháil nó le clárú don thuras, déan teagmháil le maureencurran@yahoo.ie

Details

Start:
July 4, 2021 @ 8:00 am UTC+0
End:
July 16, 2021 @ 5:00 pm UTC+0