• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Gaeilge
    • English
    • Gàidhlig
Colmcille 1500 Logo - full colour - large - PNG

Colmcille

Colmcille

  • Baile
  • Faoi
  • Nuacht
  • Maoiniú
  • Slí Cholmcille
  • Colmcille 1500
    • Imeachtaí
    • Acmhainní
      • Oidhreacht
      • Scéalta Colmcille
      • Oideachas
    • Téamaí
  • Déan Teagmháil
  • Show Search
Hide Search

Téamaí

Seo cuid de na téamaí a spreagfaidh thú, tá súil agam, tionscadail agus imeachtaí a eagrú le Colmcille 1500 a cheiliúradh le linn na bliana (an 7 Nollaig 2020 – an 7 Nollaig 2021).

Colmcille na nGael
Ceiliúraimid pobail na dteangacha Gaelacha in Éirinn, in Albain, in Albain Nua, ar Oileán Mhanann, agus cainteoirí teangacha Gaelacha ar fud na cruinne.
Smaointe:
– Eagraigh ócáid chultúrtha Ghaelach do d’fhéile nó ionad ealaíon áitiúil
– Óstáil ócáid liteartha le léamha ó scríbhneoirí iomráiteacha agus scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn
– Eagraigh malartú nó cleamhnas Gaelach idir scoileanna

Colmcille: An Naomh
Aithnímid agus ceiliúraimid an tionchar mór a bhí ag Colmcille agus a lucht leanúna ar an tsaol reiligiúnach agus spioradálta in Éirinn, in Albain agus níos faide i gcéin thar na glúine.
Smaointe:
– Gabh ar thuras spioradálta, ag rianú choiscéimeanna Cholmcille. Gabh chuig suíomh gréasáin Shlí Cholmcille le tuilleadh sonraí a fháil
– Eagraigh seirbhís ag comóradh Cholmcille agus a oidhreacht a mhaireann ar fad

Colmcille: Ár nOidhreacht Choiteann
Amharc ar an oidhreacht thógtha shaibhir chomh maith le saol agus seanchas an phearsa seo a maireann a cháil ar fad.
Smaointe:
– Óstáil comhdháil, scoil samhraidh nó seimineár ar oidhreacht Cholmcille
– Amharc ar an tsaothar ealaíne a rinne lucht leanúna Cholmcille, lena n-áirítear Leabhar Cheanannais
– Reáchtáil cainteanna staire cóngarach do phríomhláithreacha
– Eagraigh turas scoile le cuairt a thabhairt ar láithreacha oidhreachta Cholmcille
– Cuidigh comharthaí agus léirmhíniú a fheabhsú ar láithreacha oidhreacht Cholmcille  

Colmcille: An Inspioráid
Ceiliúraimid oidhreacht Cholmcille trí fhreagairt ealaíne ar a shaothar agus oidhreacht
Smaointe:
– Bíodh ceolchoirmeacha agat ag féilte mór, le saothair nua coimisiúnaithe
– Eagraigh deiseanna d’ealaíontóirí ó thíortha éagsúla le comhoibriú agus le smaointe a chomhroinnt
– Óstáil comórtas le téama a bhaineann le Colmcille (saothar ealaíne, scríobh, ceol, damhsa, etc.)

Colmcille: Ár gComhshaol
Cosúil le Colmcille agus a lucht leanúna, táimid ag iarraidh a bheith ag obair gan dochar don talamh agus don fharraige le húsáid agus taitneamh inbhuanaithe fadtéarmach a spreagadh.
Smaointe:
– Pleanáil ócáid inar féidir leat crainn dhúchasacha a chur
– Nasc leis an timpeallacht trí chuidiú líonra cosán a chothabháil agus a thógáil
– Eagraigh glanadh pobail trá/cladaigh/abhann.

Teagmháil

Teagmháil

Èirinn

Foras na Gaeilge
2-6 Sráid na Banríona, Béal Feirste,
BT1 6ED
028 9089 0970


Alba

Bòrd na Gàidhlig
Taigh a' Ghlinne Mhòir, Inbhir Nis,
IV3 8NW
+44 (0)1463 225454

Labhair Linn

Labhair Linn

Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí agus is breá linn cloisteáil faoi do thionscadail agus d’imeachtaí.

#colmcille #colmcille1500



© Colmcille 2021