Comóradh is ea Colmcille 1500 ar Naomh Cholmcille, 1500 bliain ó rugadh é. Cuireann sé chun cinn oidhreacht Cholmcille a bhunaigh Mainistir Oileán Í a nasc Éire agus Albain agus áiteanna níos faide ar shiúl. Is féidir eolas a fháil anseo ar imeachtaí ar oidhreacht, ar ábhar oideachasúil agus ar théamaí atá molta.
Is é an 7 Nollaig 2020 breithlá Cholmcille sa tseanchas, agus cuireadh tús oifigiúil ar an chomóradh ar an 7 Nollaig 2020. Eagraíodh imeachtaí i nDún na nGall, i nDoire i gCeanannas, Earra-Ghàidheal agus in Inse Gall, cuid mhaith acu ar líne. Tá cuid mhór comhpháirtithe ann. Tá tionscnaimh nua ag teacht chun cinn, á gcur in oiriúnt do shrianta COVID mar is cuí. Beidh deiseanna páirt a ghlacadh in imeachtaí ar feadh 2021, isteach i 2022 agus, tá súil againn i mblianta le teacht.
1500 bliain ó shin bhí an taisteal fadálach agus contúirteach, ach bhí an chumarsáid agus an caidreamh an-éifeachtach. Ní raibh oileán Í i lár ríocht ar bith, ach bhí tarraingt air ag cainteoirí an iomad teanga: Gaeilge na hÉireann agus na hAlban, Cruithnis, Breatnais, Laidin agus Béarla Angla-shacsanach Northumbria. Scaip oidhreacht Cholmcille i gcúrsaí spioradálta i labhairt agus scríobh na Gaeilge, sna healaíona agus i saothrú an léinn sna tíortha seo agus ar mhór-roinn na hEorpa.
Is maith an deis Colmcille 1500 le heolas a chur ar oidhreacht Cholmcille, agus le tógáil ar an chaidreamh ar chuir sé tús leis i n Gaeilge na hÉireann na hAlban agus in Oileán Mhanann. Ach cibé dóigh a shocróidh tú oidhreacht Cholmcille a cheiliúradh, tá súil againn go gcomhroinnfidh tú do scéal leis an tsaol mhór trí bhealaí éagsúla sna meáin shóisialta, ar an tsuíomh gréasáin seo agus trí lógó Cholmcille 1500 a úsáid (amharc thíos).
Brandáil Cholmcille 1500

Tá fáilte romhat lógó Cholmcille 1500 a íoslódáil agus a úsáid le bliain Cholmcille 1500 a cheiliúradh agus a chur chun cinn sa Chomhad Dropbox seo. Iarraimid ort ar dtús na treoirlínte a léamh agus cloí leo. Úsáid an haischlib #colmcille1500 le do thoil i ngach feachtas ar na meáin shóisialta agus gach ócáid a bhaineann le hábhar.

Seo an lógó le dátaí do shíniú ríomhphoist. Is féidir leat é a íoslódáil anseo.