Tá an-mhórán le foghlaim ó Cholmcille agus ó oidhreacht na mainstreacha a bhunaigh sé. D’ullmhaigh Maureen Curran ó Phobalscoil Bhaile na nGallóglach ábhar foghlama traschuraclaim. Tá sé nasctha le láithreacha a bhaineann le Naomh Colmcille nó Columba, agus cuireann sé múnla ar fáil is féidir a úsáid in áiteanna eile. Tá comórtas bunaithe ar an ábhar a eagrú ag Muareen agus deoise chaitliceach Ráth Bhoth i gcomhar le Scoil Náisiúnta Eaglais na hÉireann i nGartán. Tá an comórtas do scoileanna i nDún na nGall agus i nDoire. Is féidir an t-ábhar i nGaeilge agus i mBéarla a íoslódáil anseo:
Maureen and Claire ar ghrúpa oibre le Gabrielle Fitzimons, agus le Gráinne Duggan múinteoir ag Scoil Náisiúnta Ráth Dónaill in aice le Gartán. Tá bailiúchán d’acmhainní oidhreachta agus oideachasúla curtha le chéile ag Gráinne agus tá siad ar fáil ar líne anseo.
Tá clú ar Chomhairle Contae Dhún na nGall as feabhas a ábhar foghlama d’imeachtaí comórtha leithéid Imeacht na nIarlaí agus 1916. Tá an Chomhairle ag réiteach pacáiste oideachais agus leabhar dathadóireachta a bheas ar fáil san earrach 2021.
Tá músaem fíorúil faoi Cholmcille ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag www.ccea.org.uk/colmcille/ www.ccea.org.uk/colmcille/gaeilge/index.php