Mar chuid den chomóradh Colmcille 1500, agus mar a fógraíodh ar na meáin shóisialta, tá sé i gceist againn roinnt coimisiún a bhronnadh ar ealaíontóirí in Éirinn agus in Albain. Saothair a dhíreoidh ar ghné éigin d’oidhreacht Cholmcille agus ar an chaidreamh idir pobail Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban i réimse uile na n-ealaíon atá uainn. Samhlaítear go mbeidh coimisiúin idir €2,500 agus €15,000 i gceist ag brath ar an gcoincheap, an ceangal le Colmcille agus an nasc idir Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlbain. Má tá tionscadal ar intinn agat déan teagmháil linn le do thoil ag colmcille@forasnagaeilge.ie. Is é an spriocdháta d’iarratais as Éirinn (thuaidh nó theas) an 10 Meán Fómhair, agus d’iarratais as Albain an 15 Meán Fómhair. Tá foirm iarratais ar fáil anseo.